|
|
I.R. Uimh. 453/1986:
NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ), 1986.
|
|
|
NA RIALACHÁIN GHAIRMOIDEACHAIS (DEONTAIS I LEITH SCÉIMEANNA BLIANTÚLA COISTÍ), 1986.
|
|
|
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 53 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930), agus le ceadú an Aire Airgeadais, déanaimse, PADRAIG Ó CUANAIGH, Aire Oideachais, leis seo, na Rialacháin seo a leanas:—
|
|
|
1. Na Rialacháin Ghairmoideachais (Deontais i leith Scéimeanna Bliantúla Coistí), 1986, is teideal do na Rialacháin seo.
|
|
|
2. Sna Rialacháin seo:
|
|
|
ciallaíonn "an tAcht" an tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930 (Uimh. 29 de 1930);
|
|
|
ciallaíonn "an tAire" an tAire Oideachais;
|
|
|
ciallaíonn "coiste" coiste gairmoideachais;
|
|
|
ciallaíonn "listéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath" an limistéar gairmoideachais arb é contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath é;
|
|
|
ciallaíonn "limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire" an Limistéar gairmoideachais arb é buirg Dhún Laogharie é.
|
|
|
3. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh 38 de 1937), leis na Rialacháin seo.
|
|
|
4. Má bhíonn sa bhliain airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1986, an ranníoc áitiúil bliantúil a íocraidh údarás ráthúcháin le coiste níos mó d'aon suim (dá ngairtear "ab barrachas ranníoca" sna Rialacháin seo) ná dliteanas bliantúil íosta an údaráis rátúcháin sin i leith an choiste sin, féadfaidh an tAire, sa bhliain airgeadais sin, deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Breise), a thabhairt don choiste sin, faoi alt 53 Acth, arb é a bheidh ann:—
|
|
|
(a) suim is comhionann le ceithre oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste de limistéar gairmoideachais buirge (seachas limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath) nó do limistéar gairmoideachais ceantair uirbigh (seachas limistéar gairmoideachias Dhún Laoghaire), nó
|
|
|
(b) suim is comhionann le dhá oiread an bharrachais ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath) nó do limistéar gairmoideachais Dhún Laoghaire, nó (c) suim, is comhionann leis an mbarrachas ranníoca más é an coiste sin an coiste do limistéar gairmoideachais contae.
|
|
|
5. I dteannta an Deontais Bhreise féadfar deontas (dá ngairfear agus ar a dtabharfar Deontas Forlíontach) nach mó ná £588,000 don chaiteachas comhréire faoina rachaidh Coiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath faoi shocruithe arna gceadú ag an Aire agus arna gcomhcheadú ag an Aire Airgeadais, chun ionaid thréineála ógra a bhunú agus a chothabháil nó chun neartu nó cabhrú lena gcur ar fáil agus lena gcofhabháil i gcomhair limistéar gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath a íoc leis an gcoiste sin in aghaidh na bliana airgeadais dar tosach an 1 lá d'Eanáir, 1986.
|
|
|
6. I gcás na bliana airgeadais dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1986, féadfaidh an tAire, i dteannta an Deontais Bhreise, na deontais seo a leanas a thabhairt laoi alt 53 den Acht"—
|
|
|
(1) do Choiste Gairmoideachais Chathair Chorcaí suim nach nó na £4,556,204,
|
|
|
(2) do Choiste Gairmoideachais Chathair Bhaile Átha Cliath suim nach nó ná £18,710,055,
|
|
|
(3) do Choiste Gairmoideachais Chathair Luimnigh suim nach mó ná £1,189,315,
|
|
|
(4) do Choiste Gairmoideachais Chathair Phort Láirge suim nach mó ná £1,986,998,
|
|
|
(5) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Bhré suim nach mó ná £1,064,005,
|
|
|
(6) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Dhroichead Átha suim nach mó ná £l,734,672,
|
|
|
(7) do Choiste Gairmoideachais Bhuirg Dhún Laoghaire suim nach mó ná £2,300,175,
|
|
|
(8) do Choiste Gairmoideachais Chathair na Gaillimhe suim nach mó ná £2,021,869,
|
|
|
(9) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Shligigh suim nach mó ná £791,207.
|
|
|
(10) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Thrá Lí suim nach mó ná £1,153,768,
|
|
|
(11) do Choiste Gairmoideachais Bhaile Loch Garman suim nach mó ná £970,530,
|
|
|
(12) do Choiste Gairmoideachais Chontae Cheatharlach suim nach mó ná £l,956,466,
|
|
|
(13) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chabháin suim nach mó ná £2,229,045,
|
|
|
(14) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Chléir suim nach nó ná £3,390,489,
|
|
|
(15) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chorcaí suim nach mó ná £10,596,140,
|
|
|
(16) do Choiste Gairmoideachais Chontae Dhún na nGall suim nach mó ná £5,452,923,
|
|
|
(17) do Choiste Gairmoideachais Chontae Bhaile Átha Cliath suim nach mó ná £9,045,214,
|
|
|
(18) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Gaillimhe suim nach mó ná £5,404,467,
|
|
|
(19) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chiarraí suim nach mó ná £4,603,981,
|
|
|
(20) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Dara suim nach mó ná £4,731,929,
|
|
|
(21) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Chainnigh suim nach mó ná £3,691,260.
|
|
|
(22) do Choiste Gairmoideachais Chontae Laoise suim nach mó ná £2,218,721,
|
|
|
(23) do Choiste Gairmoideachais Chontae Liatroma suim nach mó ná £l,939,417,
|
|
|
(24) do Choiste Gairmoideachais Chontae Luimnigh suim nach mó ná £3,238,801,
|
|
|
(25) do Choiste Gairmoideachais Chontae an Longfoirt suim nach mó ná £l,967,965,
|
|
|
(26) do Choiste Gairmoideachais Chontae Lú suim nach mó ná £2,224,012,
|
|
|
(27) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhaigh Eo suim nach mó ná £5,250,667,
|
|
|
(28) do Choiste Gairmoideachais Chontae na Mí suim nach mó ná £4,271,604,
|
|
|
(29) do Choiste Gairmoideachais Chontae Mhuineacháin suim nach mó ná £2,878,167,
|
|
|
(30) do Choiste Gairmoideachais Chontae Uíbh Fhailí suim nach mó ná £3,186,678,
|
|
|
(31) do Choiste Gairmoideachais Chontae Ros Comáin suim nach mó ná £2,193,056,
|
|
|
(32) do Choiste Gairmoideachais Chontae Shligigh suim nach mó ná £l,748,837,
|
|
|
(33) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Thuaidh) suim nach mó ná £3,466,316,
|
|
|
(34) do Choiste Gairmoideachais Chontae Thiobraid Árann (An Trian Theas) suim nach mó ná £3,448,185,
|
|
|
(35) do Choiste Gairmoideachais Chontae Phort Láirge suim nach mó ná £1,099,114,
|
|
|
(36) do Choiste Gairmoideachais Chontae na hIarmhí suim nach mó ná £2,629,565,
|
|
|
(37) do Choiste Gairmoideachais Chontae Loch Gorman suim nach nó ná £3,819,980,
|
|
|
(38) do Choiste Gairmoideachais Chontae Chill Mhantáin suim nach mó ná £3,297,737,
|
|
|
dá ngairfear agus ar a dtabharfar i ngach cás Deontas Speisialta.
|
|
|
7. Chun críche aon ríomh a bheidh á dhéanamh de réir na Rialachán seo:—
|
|
|
(a) ní thabharfar aird a fhorálacha reachtúla speisialta i dtaobh measúnú éagsúil a dhéandmh ar shaghsanna áirthe maoine nó ar chodanna ar leith de limistéar údaráis rátúcháin;
|
|
|
(b) ní gá aird a thabhairt ar aon chodán de phunt is comhionann le caoga pingin nua nó is lú ná sin agus féadfar gach códán eile den sórt sin a áireamh mar phunt; agus
|
|
|
(c) tá leis an abairt "an dliteands bliantúil íosta" an bhrí a shanntar di le halt 43(2) den Acht arna leasú le halt 2 den Acht Garim-Oideachais (Leasú, 1950 (Uimh. 33 de 1950).
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi mo Sheala Oifigiúil an
|
|
|
31 lá seo de Nollaig, 1986.
|
|
|
PADRAIG Ó CUANN.
|
|
|
Ceadaíonn an tAire Airgeadais leis seo na Rialacháin sin roimhe seo.
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Aire Airgeadais
|
|
|
an 31 lá seo de Nollaig, 1986.
|
|
|
JOHN BRUTON.
|
|
|
NÓTA MÍNIÚCHÁIN.
|
|
|
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).
|
|
|
Rialaíonn na rialacháin seo íoc deontas breise agus deontas forlíontach agus deontas speisialta le Coistí Gairmoideachais sa bhliain airgeadais dar tosach an 1 Eanáir, 1986.
|
|
|
|