I.R. Uimh. 59/1985 -An tOrdú umLárionad Chuan Iascaigh Ros A'Mhíl (Rátaí agus Muirir), 1985.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 4 den Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1968 (Uimh. 18 de 1968) arna leasú leis an Acht um Lárionaid Chuanta Iascaigh, 1980 (Uimh. 22 de 1980), agus leis an Ordú Iascaigh (Riarachán Roinne agus Feidhmeanna Aire a Aistriú), 1977 (I.R. Uimh. 30 de 1977) (arna n-oiriúnú leis an Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1983 (Uimh. 40 de 1983) agus leis an Ordú Iascaigh (Ainm na Roinne agus Teideal an Aire a Athrú), 1978 (I.R. Uimh. 195 de 1978)) agus tar éis dom dul i gcomhairle leis an Aire Cumarsáide, ordaímse PÁDRAIG O TUATHAIL, Aire Iascaigh agus Foraoiseachta, leis seo mar a leanas:

1. An tOrdú um Lárionad Chuan Iascaigh Ros a'Mhíl (Rátaí agus Muirir), 1985 is teideal don Ordú seo.

2. Tiochfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 18ú lá de Márta, 1985.

3. San Ordú seo—

tá leis an bhfocal "iasc" an bhrí chéanna atá leis san Acht Iascaigh (Comhdhlúthú), 1959 (Uimh. 14 de 1959), arna leasú leis an Acht Iascaigh (Leasú), 1978 (Uimh. 18 de 1978);

ciallaíonn "fad" i ndáil le bád fad iomlán an bháid.

4. Gach ráta nó muirear a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo ag uimhir thagartha faoi leith socraítear leis seo gurb é an ráta nó an muirear é as an tsaoráid nó an tseirbhís a thuairiscítear i gcolún (2) den Sceideal ag an uimhir thagartha sin a úsáid sa lárionad chuan iascaigh dá ngairtear Lárionad Chuan Iascaigh Ros a'Mhíl.

5. (1) Ráta nó muirear a shocraítear leis an Ordú seo íocfaidh an duine a úsáidfidh an tsaoráid nó an tseirbhís lena mbaineann leis an Aire é.

(2) Féadfaidh an tAire suim a bheidh dlite faoin Ordú seo a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúil nó trí aon long, bád nó earraí ar ina leith a bheidh an tsuim dlite a thochsal agus a dhíol.

AN SCEIDEAL

Uimhir Thagartha

(1)

Tuairisc na Saoráide nó na Seirbhíse

(2)

Ráta nó Muirear

(3)

1

Úsáid an chuain ag bád atá ag gabháil d'iascaireacht—

(a)

Má tá an bád faoi bhun 40 troig (12.19 méadar) ar fhad

£1.20 in aghaidh gach uair a théitear isteach sa chuan, nó £12 in aghaidh gach bliana a bheidh iníoctha roimh ré gach 1 Deireadh Fómhair.

(b)

Má tá an bád 40 troig nó niós mó ar fhad ach faoi bhun 75 troig (22.86 méadar) ar fhad

£1.20 in aghaidh gach uair a théitear isteach sa chuan, no £18 in aghaidh gach bliana a bheidh iníoctha roimh ré gach 1 Deireadh Fómhair.

(c)

Má tá an bád 75 troig nó niós mó ar fhad ach faoi bhun 100 troig (30.48 méadar) ar fhad.

£1.20 in aghaidh gach uair a théitear isteach sa chuan, nó £24 in aghaidh gach bliana a bheidh iníoctha roimh ré gach 1 Deireadh Fómhair.

(d)

Má tá an bád 100 troig nó níos mó ar fad.

£1.20 in aghaidh gach uair a théitear isteach sa chuan, nó £30 in aghaidh gach bliana a bheidh iníoctha roimh ré gach 1 Deireadh Fómhair.

2

Úsáid an chuain i ndáil le lasta éisc—

iasc úr (lena n-áirítear iasc a tarraingíodh siar faoi rialacháin C.E.E.)

iasc chun min-éisc a dhéandmh de.

6p an 50cg.

3p an 50cg.

3

Fíoruisce a úsáid

48p an tona

4

Leaba ancaire nó feistiúcháin a chuir údarás an chuain ar fáil a úsáid chun críocha seachas críocha lódála nó dílódála.

4p ar gach tona

(a) den Ghlantonnáiste Cláraithe nó,

(b) de caoga faoin gcéad den Olltonnáiste, cibé acu is mó

5

Leaba ancaire nó feistiúchain a chuir údarás an chuain ar fáil, a úsáid le haghaidh lódála nó dílódála.

12p ar gach tona,

(a) den Ghlantonnáiste Cláraithe nó,

(b) de caoga faoin gcéad den Olltonnáiste, cibe acu is mó.

6

Úsáid an chuain ag árthach atá feistithe ag piara, cé, leaba ancaire nó lamairne—

(a)

Ar feadh an chéad dhá sheachtain beidh an ráta muirir ag uimhir thagartha 4 thuas infheidhme.

(b)

In aghaidh gach lá tar éis dhá sheachtain agus suas go deireadh an chúigiú seachtain, 8p in aghaidh an lae ar gach fad méadair sa bhád.

(c)

In aghaidh gach lá breise tar éis cúig sheachtain, 15p ar gach fad mèadair sa bhád.

7

An cuan a úsáid i ndáil le lastas ilghnéitheach—

(a)

èisc leasaithe nó shaillte.

3p an bairille

(b)

salann.

4p an tona.

(c)

coimeadáin fholmha.

2p an ceann.

(d)

breosla soladach.

6p an tona.

(e)

leasú.

12p an tona.

(f)

ainmhithe móra.

10p an ceann.

(g)

ainmhithe beaga (ach amháin cait agus madraí).

5p an ceann.

(h)

lastas eile.

24p an tona.

8

Muirear ar bháid phaisinéirí—

(a)

Báid nach mó ná dhá phaisinèir dhèag a líon ceadaithe.

£50 in aghaidh gach bliana, a bheidh iníoctna roimh ré gach 1 Bealtaine.

(b)

Báid ar mó ná dhá phaisinèir dhèag a líon ceadaithe.

£75 in aghaidh gach bliana, a bheidh iníoctha roimh rè gach 1 Bealtaine.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil

an 4ú lá seo de Márta, 1985.

P. Ó TUATHAIL,

Aire Iascaigh agus Foraoiseachta.

NÓTA MÍNIUCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Sonraíonn an tOrdú seo na rataí agus muirir atá iníoctha don Aire as usáid na saoráidí ag Lárionad Chuan Iascaigh Ros A'Mhíl.