|
|
I.R. Uimh. 202/1984:
AN tORDÚ UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (AN LÁ VÓTAÍOCHTA), 1984.
|
|
|
AN tORDÚ UM ÚDARÁS NA GAELTACHTA (AN LÁ VÓTAÍOCHTA), 1984.
|
|
|
I bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dom le Rialachán 6 de na Rialacháin um Thoghcháin Údarás na Gaeltachta, 1979, (I.R. Uimh. 355 de 1979), déanaimse, PÁDRAIG Ó TUATHAIL, Aire na Gaeltachta, leis seo an tOrdú seo a leanas:
|
|
|
1. An tOrdú um Údarás na Gaeltachta (An Lá Vótaíochta), 1984, is teideal don Ordú seo.
|
|
|
2. Déanfar an vótaíocht i dtoghchán faoi Chuid IV den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979 (Uimh. 5 de 1979), an 17ú lá de Dheireadh Fómhair, 1984, agus leanfaidh sí ar feadh na tréimhse dar tús 9 a.m. agus dar críoch 9 p.m.
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 31ú lá seo de Iúil, 1984.
|
|
|
PÁDRAIG Ó TUATHAIL,
|
|
|
Aire na Gaeltachta.
|
|
|
NÓTA MÍNIÚCHÁIN.
|
|
|
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)
|
|
|
Leis an Ordú seo socraítear gur ar an 17 Deireadh Fómhair, 1984, a dhéanfar an vótaíocht i dtoghchán faoi Chuid IV den Acht um Údarás na Gaeltachta, 1979.
|
|
|
|