An tAcht um an Naoú Leasú ar an mBunreacht, 1984.

Airteagal 16 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 16 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad fho-alt 2° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla,

(c) cuirfear “a dhícháileochadh saoránach ar bith nó duine ar bith eile, ar an bhforas céanna sin,” isteach i ndiaidh “de Dháil Éireann nó” i bhfo-alt 3° d'alt 1 den téacs Gaeilge,

(d) cuirfear “or other person” isteach i ndiaidh “disqualifying any citizen” i bhfo-alt 3° d'alt 1 den téacs Sacs-Bhéarla.