|
|
I.R. Uimh. 424/1983:
AN tORDÚ UM AN ACHT OMBUDSMAN, 1980 (AN LÁ CEAPTHA), 1983.
|
|
|
AN tORDÚ UM AN ACHT OMBUDSMAN, 1980 (AN LÁ CEAPTHA), 1983.
|
|
|
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 12 (2) den Acht Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:
|
|
|
1. An tOrdú um an Acht Ombudsman, 1980 (An Lá Ceaptha, 1983, is teideal don Ordú seo.
|
|
|
2. Ceaptar leis seo gurb é an 7ú lá d'Iúil, 1983 an lá a thiocfaidh an tAcht Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) i ngníomh.
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 7ú lá seo d'Iúil, 1983.
|
|
|
GEARÓID MacGEARAILT,
|
|
|
Taoiseach.
|
|
|
NÓTA MÍNIÚCHÁIN
|
|
|
Leis an órdú seo socraítear gurb é an 7ú lá d'Iúil, 1983, an lá a thiocfaidh an tAcht Ombudsman, 1980 (Uimh. 26 de 1980) i ngníomh.
|
|
|
|