I.R. Uimh. 258/1983 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1983.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistrú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus an tOrdú Staidrimh (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1983 (I.R. Uimh. 13 de 1983) ordaímse, SEÁN Ó BAIRÉAD, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo, mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) 1983, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas de na gnóthais seo a leanas is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

4. Baileofar staidrimh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1983, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin agus iad sínithe ag an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ

Fuinneamh agus Uisce

Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna, ola mhianrúil a mhínghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dáileadh, déanamh gáis in Oibreacha Gáis, soláthar agus dáileadh uisce.

Mianraí Neamhfhuinniúla

Mianraí neamhfhuinniúla agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróisiú agus sirtheoireacht nó taiscéalaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).

Tionscail Déantúsaíochta

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.

CUID II

Is leis an mbliain 1982 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ

CAIBIDIL I

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.

Uimh. 1—Eolas Ginearálta

( a ) Ainm, Seoladh agus Uimhir Theileafóin na Príomh-Oifige

( b ) Bliain an Tuairisceáin

Uimh. 2—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana

( a ) Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Costas gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.

(ii) Foirgnimh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus gach uile obair tógála eile.

(iii) Costas na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

( b ) Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Toradh díolachán gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.

(ii) Toradh díolachán foirgneamh.

(iii) Toradh díolachán na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

Uimh. 3—Stoic agus Obair ar Siúl

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhí ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 4.—Táirgí Monaraíodh agus Obair a Rinneadh i rith na Bliana

( a ) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí arna chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.

( b ) Na suimeanna a fuarthas as an obair go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.

Uimh. 5—Ábhair agus Comhábhair a Úsáideadh

Sonraí na mbunábhar agus na gcomhpháirteanna go léir a úsáideadh ag táirgeadh nó ag déanamh na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo.

Uimh. 6—Costas Coimeádán, Deisiúchán, etc.

Costas coimeádán agus ábhair phacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais; suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhar a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisiú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh.

Uimh. 7.—Breosla, Leictreachas, etc., a úsáideadh i rith na Bliana

Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh cainníocht agus costas (sna hoibreacha) gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh i rith na bliana.

Uimh. 8.—Fostaíocht agus Tuarastail agus Pá a Íocadh.

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 18 Meán Fómhair, 1982, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

(i) Dílseánaigh agus daoine den líon tí ag obair sa ghnó gan pá.

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal.

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.

(iv) Bunfhoireann mhaoirseachta.

(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh.

(vi) Printísigh.

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

( b ) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (a) (ii) go (vii) thuas.

CAIBIDIL II

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimh. 1 go hUimh. 11, go huile den Chaibidil seo a sholáthar i leith gach fiontar tionscail ina raibh fiche duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dár chríoch 18 Meán Fómhair, 1982.

Uimh. 1—Sonraí an Fhiontair

( a ) Ainm trádála.

( b ) Seoladh Príomh-Oifige.

( c ) Uimhir Theileafóin.

( d ) Sonraí na hÚinéireachta.

( e ) Seoladh gach bunachais san fhiontar agus cuntas ar an sórt gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.

Uimh. 2.—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na Bliana

Méaduithe agus laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

(i) Féithiclí paisinéirí.

(ii) Na feithiclí eile uile.

(iii) Gléasra, innealra agus trealamh a rinne foireann an Fhiontair féin.

(iv) Gléasra, innealra agus trealamh a ceannaíodh agus a cuireadh i bhfearas.

(v) Obair foirgníochta agus tógála a rinne foireann an Fhiontair féin.

(vi) Obair foirgníochta agus tógála a rinne conraitheoirí.

(vii) Foirgnimh chríochnaithe.

(viii) Talamh (gan tógáil air).

(ix) Na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir.

Uimh. 3—Stoic agus Obair ar Siúl

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.

Uimh. 4—Sonraí Láimhdeachais, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid iomlán a sonraíodh do chustaiméirí maidir le,

(i) earraí a táirgeadh agus a díoladh,

(ii) seirbhísí tionscail a cuireadh ar fáil.

( b ) Luach earraí ceannaithe a margaíodh nó a monaraíodh.

( c ) Aon ghnéithe eile láimhdeachais.

Uimh. 5—Sonraí Nithe a Ceannaíodh, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanus:

( a ) Costas ábhar agus breoslaí lena n-áirítear ábhair i gcomhair earraí caipitil a tháirgeadh.

( b ) Costas na seirbhísí tionscail go léir a fuarthas.

( c ) Costas earraí a margaíodh nó a monaraíodh.

Uimh. 6.—Sonraí Costas Seirbhísí Neamh-Thionscail, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Gléasra, innealra, trealamh, feithiclí etc., a fhruiliú.

( b ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( c ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.

( d ) Muirir bainc gan muirir úis a áireamh.

( e ) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.

Uimh. 7—Sonraí Cánach ar Láimhdeachas agus Cánacha Indíreacha, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid iomlán Cánach Breisluacha a cuireadh in aghaidh an láimhdeachais.

( b ) An méid d'aon chánacha máil a íocadh nó is iníoctha.

( c ) An méid d'aon chánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

Uimh. 8.—Sonraí Cánacha ar Inchur, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear ábhair, breoslaí, earraí le hathdhíol, etc.

( b ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear sócmhainní caipitiúla dochta.

Uimh. 9—Sonraí i tdaobh Fóirdheontais Oibríochta

An méid a fuarthas as cistí Stáit nó ó institiúidí na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta.

Uimh. 10.—Fostaíocht agus Tuarastal agus Pá a Íocadh

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 18 Meán Fómhair, 1982, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

(i) Dílseánaigh agus a líon tí ag obair sa bhfiontar gan pá,

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal,

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige,

(iv) Bunfhoireann maoirseachta,

(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,

(vi) Printísigh,

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

( b ) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (a) (ii) go (vii), agus an dá fhomhír sin a áireamh.

Uimh. 11.—Costais Saothair eile

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe eile mar gheall ar—

( a ) Ranníocaí fostóirí chun stampaí árachais shóisialaigh a cheannach agus le scéim árachais shóisialaigh pá-choibhneasa.

( b ) Íocaíochtaí iomarcaíochta.

( c ) Ranníocaí fostóirí i leith cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.

( d ) Íocaíochtaí pinsean nó sochair scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntas.

( e ) Préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe le haghaidh tinnis nó gortaithe.

( f ) Íocaíochtaí forlíontacha le fostaithe i leith tinnis nó gortaithe.

( g ) Íocaíochtaí comhchineáil a cuireadh ar fáil d'fhostaithe.

( h ) Costais shóisialta eile.

( i ) Costais oiliúna.

CAIBIDIL III

Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Stáitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (C) den Sceideal seo.

Uimh. 1.—Eolas Ginearálta

( a ) Tuairisc ar an ngníomhaíocht gnó a bhíonn ar siúl ag an ngnóthas.

( b ) Bliain an Tuairisceáin.

Uimh. 2.—Láimhdeachas, agus idirdhealú a dhéanamh eatharthu seo a leanas:—

( a ) Díolachán earraí a mhonaraigh an gnóthas.

( b ) Sonraí eile láimhdeachais.

Uimh. 3.—Fostaíocht

An líon daoine a bhí fostaithe ag an ngnóthas i rith na seachtaine dár chríoch an 18 Meán Fómhair, 1982.

CUID III.

(A)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil I den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail 1982 Foirm Uimhir B.

Tionscal, Trádáil nó Gnó

111

Baint guail

  132

  134

/images/si258y83p0008.gif

Taiscéalaíocht agus astarraingt pheitriliam agus gáis aiceanta

140

Mínghlanadh ola mianraí agus próiseáil torthaí pheitriliam

161

Giniúint agus dáileadh cumhacht leictreachais

162

Oibreacha gáis. Dáileadh gáis

170

Soláthar uisce; Uisce a bhailiú, a íonú agus a dháileadh

212

Baint agus ullmhú mianta miotail neamfheiriúla

221

Tionscal iarainn agus cruach

222

Monarú tiúbanna cruach

223

Tarraingt, fuar-rollú agus fuarfhilleadh cnuach

224

Taírgeadh agus céadphróisiú miotal neamhfheiriúl

231

Baint ábhar foirgníochta agus créanna teasfhulangacha

239

Baint mhianraí eile; Móin

241

Monarú cré-earraí le haghaidh foirgníochta

242

Monarú stroighne, aoil agus plástair

243

Monarú earraí coincréite, stroighne nó pláistair le haghaidh foirgníochta

244

Monarú earraí aispeist

245

Obair chloiche agus obair ar tháirgí mianracha neamh-mhio-talacha eile

246

Taírgeadh liaga brón agus táirgí scríobacha eile

247

Monarú gloine agus earraí gloine

248

Monarú earraí criadóireachta

 251A

Monarú ceimicigh thionscail bhunata (gan leasacháin a áireamh)

251B

Leasacháin

255

Monarú péinteanna, vearnaiseacha, dúch clóite etc.

256

Táirgí ceimiceacha, chun criocha tionscail agus talmhaíochta go formhór (gan leasacháin a áireamh)

257

Monarú táirgí cógaisíochta

258

Gallúnach, glantóiri tacair, cumhráin agus ullmhóidí maisiúcháin

259

Táirgí ceimiceacha eile le haghaidh úsáide tís agus oifige go formhór

260

Tionscal snáitheach sintéiseach

311

Teilgcheártain

312

Gaibhníocht, brú agus stampáil mhiotal

313

Claochló tánaisteach, cóireáil agus cótáil mhiotal

314

Monarú táirgí miotail déanmhais (lena n-áirítear cóimeáil chomhghafa agus feistiú)

315

Déantóireacht choirí,monarú taiscumar, tainceanna agus coimeádán leatháin mhiotal eile

316

319

/images/si258y83p0008.gif

Monarú airnéise agus earraí miotail críochnaithe agus táirgí eile ceardlainne miotail

321

Monarú innealra talmhaíochta agus tarracóirí

322

323

/images/si258y83p0008.gif

Monarú agus cóimeáil—

(a) Meaisin-airnéise le miotail a oibriú agus meaisín-airnéise eile

(b) Innealra agus gabhálais teicstíleacha

324

Monarú innealra agus le haghaidh tionscal bia, tionscal ceimiceach agus tionscal gaolmhar

325

Gléasra agus innealra do mhianaigh, do theilgcheártain, d'oibreacha cruach agus d'innealtóireacht shibhialta (lena n-áirítear crainn thógála) etc.

326

327

/images/si258y83p0008.gif

Monarú agus cómeáil trealamh traiseolta

do chumhacht thiomána agus innealra agus trealamh

do thionscial áirithe

328

Innealra ilghnéitheach agus trealamh ilghnéitheach

330

Monarú innealraoifige agus innealra próiseála sonraí

341

Sreanga agus cáblaí inslithe

342

Monarú innealra leictreachais (lena n-áirítear mótair leic-treachais, gineadóirí, claochladáin, etc.)

343

Monarú gaireas agus fearas leictreachais le haghaidh úsáide tionscail (lena n-áirítear batairí agus taisc-chealla)

344

Monarú trealamh teileachumarsáide, trealamh tomhais, trealamh taifeadta agus trealamh leictriliachta

345

Monarú trealamh raidió, teilfíse agus atáirgeadh agus taifeadadh fuaime

346

Monarú fearas leictreachtais tís

   347

  348

/images/si258y83p0008.gif

Monarú ( a ) lampaí leictreachais agus trealamh soilsiúcháin leictreachais

( b ) trealamh leictreachais a fheistiú

351

Monarú agus cóimeáil mótarfheithiclí

  352

  353

/images/si258y83p0008.gif

Monarú (a) cabhlacha d'fheithicí, leantóirí, carabháin, etc.

(b) páirteanna agus gabhálais do mhótarfheithiclí

361

Déanamh long

362

Monarú rothdhile iarnóid

363

Monarú rothar, gluaisrothair, páirteanna agus gabhálas

364

Trealamh aeraspáis a mhonarú agus a dheisiú

371

Gléasanna agus gaireas tomhais seiceála agus cruinnis

372

Monarú trealamh liachta, máinliachta, etc.

   373

/images/si258y83p0008.gif

Monarú (a) trealamh optúil agus trealamh fótagrafaíochta

   374

(b) uaireadóirí agus cloig agus codanna díobh

411

Margairín agus olaí agus méithris ullmhaithe eile

412

Marú cóiriú agus leasú feola

413

Monarú táirgí déiríochta

414

Próisiú agus leasú torthaí agus glasraí

415

Próisiú agus leasú éisc

416

Muilleoireacht ghráin

   417

/images/si258y83p0008.gif

Monarú (a) spaigití, macarón, etc

   418

(b) stáirse agus táirgí stáirse

419

Arán agus milseogra plúir (lena n-áirítear brioscaí)

420

Monarú agus mínghlanadh siúcra

421

Monarú milseogra cócó seacláide agus siúcra

422

Beatha ainmhithe agus beatha éantlaithe clóis

423

Monarú táirgí beatha eile

424

Driogadh agus comhshuíomh biotáille

   425

/images/si258y83p0008.gif

   426

Monarú fíona, ceirtlise agus deochanna glasa

  428

 427A

Grúdaireacht

 427B

Brachadh

429

Monarú táirgí tobac

431

Tionscal olla

432

Tionscal cadáis

433

Snáithíní agus uigí sintéiseacha, síoda agus síodúla

434

Cóiriú, sníomh agus fíochán lín, cnáibe agus ramie

436

Tionscal cniotála

437

Críochnú teicstíleacha

438

Brait urláir, líonóil agus clúdaigh eile urláir

439

Iltionscail teicstíleacha

441

Súdaireacht agus cóiriú leathair

442

Monarú táirgí as leathar agus táirgí as bréigleathair

451

Monarú coisbhirt

453A

Éadaí—éadaí fear agus eadai buachaillí, cultacha, cótaí, móra, hataí, capíní, etc.

453B

Éadaí—déanamh léinte

453C

Éadaí—éadaí ban agus éadaí cailíní (seachas góiséireacht)

453D

Éadaí—baill éadaigh ilghnéitheacha agus gabhálais

455

Teicstíleacha tís agus earraí teicstíleacha comhdhéanta eile

456

Fionnaidh agus earraí fionnaidh

461

Sáibhéaracht agus próisiú adhmaid

462

Monarú táirgí páirtchríochnaithe adhmaid

463

Monarú comhpháirteanna adhmadóireachta agus siúinéireachta

464

Coimeádáin adhmaid

465

Earraí monaraithe adhmaid eile

466

Earraí coirc, tuí, etc. scuaba agus scuaba urláir

467

Monarú troscáin adhmaid

471

Monarú laín, páipéir agus cláir

472

Próisiú páipéir agus cláir

   473

/images/si258y83p0008.gif

Clódóireacht, foilsitheoireacht agus comhthrádálacha

  474

  481

/images/si258y83p0008.gif

  482

483

Próisiú pleaisticí

491

Seodra, earraí gabha óir agus gabha ghil

492

Gléasanna ceoil

493

Saofharlanna fótografaíochta agus cineamatagrafaíochta

494

Bréagáin agus earraí spóirt

495

Tionscail mhonaraíochta ilghnéitheacha

(B)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil II den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm A—Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1982.

(C)—Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil III den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm C—Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1982 (Sonraí Achoimrithe).

ARNA THABHAIRT faoi mo Láimh an 30ú lá

seo de Lúnasa, 1983.

SEÁN Ó BAIRÉAD,

Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail do bhliain 1982, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Stadrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.