I.R. Uimh. 106/1983 -An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), (Uimh. 2), 1983.


Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), (Uimh. 2), 1983, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais de chuid an Aire Poist agus Telegrafa faoi na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972, agus na hAchtanna um Údarás Craolacháin, 1960 go 1979, a tharmligean chuig Tadhg Ó Nialláin, Aire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 15ú lá seo

d'Aibreán, 1983.

GEARÓID MAC GEARAILT,

Taoiseach.

NOTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Foilsíiodh fógra san "Iris Oifigiúil" an 19 Aibreán, 1983, á rá go ndearnadh an Ionstraim Reachtáil seo.