An tAcht um an Ochtú Leasú ar an mBunreacht, 1983.

Airteagal 40 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 40 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 3 den téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an fo-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo le halt 3 den téacs SacsBhéarla.