I.R. Uimh. 68/1982 -Na Rialacha i dTaobhCoistí Gairm-Oideachais (Liútais do Chomhaltaí), (Leasú), 1982.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 6 (4) den Acht Gairm Oideachais (Leasú), 1947 (Uimh. 1 de 1947), arna leasú le halt 5 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1962 (Uimh. 28 de 1962), déanaimse an Dr. MÁIRTÍN Ó DONNCHADHA, Aire Oideachais, leis seo, na Rialacha seo a leanas:—

1. Na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1982, is teideal do na Rialacha seo.

2. Measfar gur tháinig na Rialacha seo i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1981.

3. Sna Rialacha seo ciallaíonn "Rialacha 1981" na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1981 (I.R. Uimh. 133 de 1981).

4. Leasaítear leis seo na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltá), 1963 (I.R. Uimh. 114 de 1963)—

( a ) trí "£7.80" a chur in ionad "seacht bpunt agus deich bpingin nua" (a cuireadh isteach le Rialacha 1981) i Riail 3 (a)

( b ) trí "£10.80" a chur in ionad "naoi bpunt agus ochtó pingin nua" (a cuireadh isteach le Rialacha 1981), i Riail 3 (b) agus

( c ) trí "£11.50" a chur in ionad "deich bpunt" (a cuireadh isteach le Rialacha 1981), i Riail 4.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil

an 23 lá seo de Márta, 1982.

MÁIRTÍN Ó DONNCHADHA.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Rialaítear leis na Rialacha seo na liúntais a bheidh le híoc le comhaltaí de choistí gairmoideachais contae agus le comhaltaí d'fhochoistí ceadaithe de chuid na gcoistí contae sin i leith a bhfreastail ar chruinnithe de na coistí contae nó de na fochoistí ceadaithe sin.