|
|
I.R. Uimh. 214/1980:
AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR THÁIRGEADH), 1980.
|
|
|
AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR THÁIRGEADH), 1980.
|
|
|
De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus an tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1980, (I.R. Uimh. 36 de 1980) ordaímse, Seán Ó Mórdha, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh leis seo, mar a leanas:—
|
|
|
1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) 1980, is teideal don Ordú seo.
|
|
|
2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.
|
|
|
3. Baineann an tOrdú seo le gach gnóthas de na gnóthais seo a leanas, is é sin le rá, na tionscail, na ceirdeanna agus na gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.
|
|
|
4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1980, maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.
|
|
|
5. Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith díobh sin agus iad sínithe ag an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.
|
|
|
6. Is é an duine a sheolann an gnóthas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
|
AN SCEIDEAL
|
|
|
CUID I
|
|
|
TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ
|
|
|
Fuinneamh agus Uisce
|
|
|
Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis aiceanta (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscealaíocht i ndáil leis an gcéanna, ola mhianrúil a mhínghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanamh gáis in Oibreacha Gáis, soláthar agus dáileadh uisce.
|
|
|
Mianraí Neamhfhuinniúla
|
|
|
Mianraí neamhfhuinniúla agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróisiú agus sirtheoireacht nó taiscealaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).
|
|
|
Tionscail Déantúsaíochta
|
|
|
Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil compháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.
|
|
|
Foirgníocht
|
|
|
Foirgníocht agus Cothabháil Oibreacha ag Iarnróid, Údaráis Áitiúla agus Údaráis Phoiblí eile, lena n-áirítear Foirgnimh, Oibreacha Séarachais agus Siltin, Canálacha, Cuanta agus Dugaí, Bóithre Poiblí agus Droichid agus Oibreacha eile den saghas sin.
|
|
|
Ceirdeanna Neachtlainne, Ruaimniúcháin agus Glantóireachta
|
|
|
CUID II
|
|
|
Is leis an mbliain 1979 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).
|
|
|
EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ
|
|
|
Caibidil I
|
|
|
Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.
|
|
|
Uimh. 1. — Sonraí an Bhunachais
|
|
|
( a ) Ainm trádála.
|
|
|
( b ) Seoladh Príomh-Oifige.
|
|
|
( c ) Seoladh iomlán poist an bhunachais.
|
|
|
( d ) Uimhir theileafóin.
|
|
|
Uimh.2 — Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana
|
|
|
( a ) — Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—
|
|
|
(i) Costas gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí
|
|
|
(ii) Costas foirgneamh agus gach uile obair tógála eile.
|
|
|
(iii) Costas na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).
|
|
|
( b ) — Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—
|
|
|
(i) Toradh díolachán gléasra, innealra, trealaimh agus feithiclí.
|
|
|
(ii) Toradh díolachán foirgneamh.
|
|
|
(iii) Toradh díolachán na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).
|
|
|
Uimh. 3 — Stoic agus Obair ar Siúl
|
|
|
Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an bunachas agus a bhí ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próisithe.
|
|
|
Uimh.4 — Táirgí a Monaraíodh agus Obair a Rinneadh i rith na Bliana
|
|
|
( a ) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na príomhtháirgí a chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.
|
|
|
( b ) Na suimeanna a fuarthas as an obair go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthaigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.
|
|
|
Uimh. 5 — Ábhair agus Comhábhair a Úsáideadh
|
|
|
Cainníochtaí agus costas (sna hoibreacha) na mbunábhar agus na gcomhpháirteanna go léir úsáideadh ag táirgeadh nó ag déanamh na dtáirgí i rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo.
|
|
|
Uimh. 6 — Costas Coimeádán, Deisiúchán, etc.
|
|
|
Costas coimeádán agus ábhar pacála eile a díoladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus at ghléasra ag fostaithe an bhunachais; suimeanna a íocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhar a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 den Chaibidil seo; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisiú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh.
|
|
|
Uimh. 7 — Breosla, Leictreachas, etc., a úsáideadh i rith na Bliana
|
|
|
Ní foláir sonraí a thabhairt i dtaobh cainníocht agus costas (sna hoibreacha) gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh i rith na bliana.
|
|
|
Uimh. 8 — Fostaíocht agus Tuarastail agus Pá a Íocadh.
|
|
|
A — Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith i ngach ceann de na foirmeacha atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo:
|
|
|
( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár críoch 15 Meán Fómhair, 1979, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—
|
|
|
(i) Dílseánaigh agus daoine den líon tí ag obair sa ghnó gan pá,
|
|
|
(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal,
|
|
|
(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige,
|
|
|
(iv) Bunfhoireann mhaoirseachta,
|
|
|
(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,
|
|
|
(vi) Printísigh,
|
|
|
(vii) Tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
( b ) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 8A (a)(ii) go (vii).
|
|
|
Caibidil II
|
|
|
Maidir le gnóthais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo. Caithfear na sonraí atá sonraithe in Uimh. 1 go hUimh. 11, go huile den Chaibidil seo a sholáthar i leith gach fiontar tionscail ina raibh fiche duine nó níos mó fostaithe i rith na seachtaine dár chríoch 15 Meán Fómhair, 1979.
|
|
|
Uimh. 1 — Sonraí an Fhiontair
|
|
|
( a ) Ainm trádála.
|
|
|
( b ) Seoladh Príomh-Oifige.
|
|
|
( c ) Uimhir theileafóin.
|
|
|
( d ) Sonraí na húinéireachta.
|
|
|
( e ) Seoladh gach bunachais sa bhfiontar agus cuntas ar an sórt gníomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.
|
|
|
Uimh. 2 — Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na Bliana
|
|
|
A — Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—
|
|
|
(i) Costas feithiclí a ceannaíodh
|
|
|
(ii) Costas gléasra, innealra agus trealaimh a rinne oibrithe an fhiontair
|
|
|
(iii) Costas gléasra, innealra agus trealaimh a ceannaíodh agus a cuireadh i bhfearas
|
|
|
(iv) Costas obair foirgníochta agus tógála a rinne oibrithe an fhiontair
|
|
|
(v) Costas na hoibre a rinne conraitheoirí ar fhoirgnimh
|
|
|
(vi) Costas foirgneamh a ceannaíodh.
|
|
|
(vii) Costas na talún a fuarthas.
|
|
|
(viii) Costas sócmhainní caipitiúla dochta eile.
|
|
|
B — Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—
|
|
|
(i) Toradh díolachán feithiclí.
|
|
|
(ii) Toradh díolachán gléasra, innealra agus trealaimh.
|
|
|
(iii) Toradh díolachán foirgneamh.
|
|
|
(iv) Toradh díolachán talún.
|
|
|
(v) Toradh díolachán sócmhainní caipitiúla dochta eile.
|
|
|
Uimh. 3 — Stoic agus Obair ar Siúl
|
|
|
Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair agus breosla, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhi ullamh chun a ndíola agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.
|
|
|
Uimh. 4 — Sonraí Láimhdeachais, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) An méid iomlán a sonraíodh do chustaiméirí maidir le,
|
|
|
(i) earraí a táirgeadh agus a díoladh,
|
|
|
(ii) seirbhísí tionscail a cuireadh ar fáil.
|
|
|
( b ) Luach earraí ceannaithe a margaíodh nó a monaraíodh.
|
|
|
( c ) Aon ghnéithe eile láimhdeachais.
|
|
|
Uimh. 5 — Sonraí Nithe a Ceannaíodh, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) Costas ábhar agus breoslaí lena n-áirítear ábhair i gcomhair earraí caipitil a tháirgeadh.
|
|
|
( b ) Costas na seirbhísí tionscail go léir a fuarthas.
|
|
|
( c ) Costas earraí a margaíodh nó a monaraíodh.
|
|
|
Uimh. 6 — Sonraí Costas Seirbhísí Neamh-Thionscail, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) Gléasra, innealra, trealamh, feithiclí etc., a fhruiliú.
|
|
|
( b ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.
|
|
|
( c ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.
|
|
|
( d ) Muirir bainc gan muirir úis a áireamh.
|
|
|
( e ) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.
|
|
|
Uimh. 7 — Sonraí Cánach ar Láimhdeachas agus Cánacha Indíreacha, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) An méid iomlán Cánach Breisluacha a cuireadh in aghaidh an láimhdeachais.
|
|
|
( b ) An méid d'aon chánacha mháil a íocadh nó is iníoctha.
|
|
|
( c ) An méid d'aon chánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.
|
|
|
Uimh. 8 — Sonraí Cánach ar Inchur, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:
|
|
|
( a ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear ábhair, breosla, earraí le athdhíol, etc.
|
|
|
( b ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear sócmhainní caipitiúla dochta.
|
|
|
Uimh. 9 — Sonraí i dtaobh Fóirdheontais Oibríochta.
|
|
|
An méid a fuarthas as cistí Stáit nó ó institiúidí na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta.
|
|
|
Uimh. 10 — Fostaíocht agus Tuarastal agus Pá a Íocadh.
|
|
|
( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 15 Meán Fómhair, 1979, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—
|
|
|
(i) Dílseánaigh agus a líon tí ag obair sa bhfiontar gan pá,
|
|
|
(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal,
|
|
|
(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige,
|
|
|
(iv) Bunfhoireann maoirseachta,
|
|
|
(v) Oibrithe láimhe, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,
|
|
|
(vi) Printísigh,
|
|
|
(vii) Tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
( b ) Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite i bhfomhíreanna (ii) go (vii) go huile d'Uimh. 10(a) den Chaibidil seo.
|
|
|
Uimh. 11 — Costais Saothair eile
|
|
|
Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar—
|
|
|
( a ) Ranníocaí fostóirí chun stampaí árachais shóisialaigh a cheannach agus le scéim árachais shóisialaigh pháchoibhneasa.
|
|
|
( b ) Íocaíochtaí iomarcaíochta.
|
|
|
( c ) Ranníocaí fostóirí i leith cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsin eile.
|
|
|
( d ) Íocaíochtaí pinsean nó sochair scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí aoisliúntas.
|
|
|
( e ) Préimheanna árachais fostóirí le haghaidh tinnis, nó gortaithe.
|
|
|
( f ) Íocaíochtaí forlíontacha le fostaithe i leith tinnis nó gortaithe.
|
|
|
( g ) Íocaíocht comhchineáil a cuireadh ar fáil d'fhostaithe.
|
|
|
( h ) Costais shóisialta eile.
|
|
|
( i ) Costais oiliúna.
|
|
|
Caibidil III
|
|
|
Maidir le gnóthais a ndearnadh leoréileamh ina leith faoi alt 8(1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (C) den Sceideal seo.
|
|
|
Uimh. 1 — Tuairisc an ghnó.
|
|
|
Uimh. 2 — Luach na n-earraí agus na hoibre a rinneadh agus na táillí a muirearaíodh ar obair a rinneadh ar ábhar na gcustaiméirí féin agus ar obair dheisiúcháin agus bhreacghnó a rinneadh i rith na bliana.
|
|
|
Uimh. 3 — Costas na n-ábhar, lena n-áirítear comhábhair, breosla, ola, gás, leictreachas, coimeádáin agus ábhair phacála eile arna ndíol i dteannta na n-earraí, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 2 den Chaibidil seo.
|
|
|
Uimh. 4 — Fostaíocht
|
|
|
An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar shaoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 15 Meán Fómhair, 1979, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—
|
|
|
( a ) Dílseánaigh agus a líon tí ag obair sa ghnó gan pá.
|
|
|
( b ) Foireann bainistíochta, teicníochta, agus foireann eile oifige ar tuarastal.
|
|
|
( c ) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige.
|
|
|
( d ) Bunfhoireann maoirseachta.
|
|
|
( e ) Oibrithe láimhe seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
( f ) Próntísigh.
|
|
|
( g ) Tascoibrithe lasmuigh.
|
|
|
Uimh. 5 — Méid iomlán na dtuarastal, an phá agus na dtuilleamh a íocadh i rith na bliana leis na haicmí fostaithe atá luaite i míreanna (b) go (g) go huile d'Uimh. 4 den Chaibidil seo.
|
|
|
CUID III
|
|
|
(A) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil I den Sceideal seo a thabhairt ina leith.
|
|
|
|
|
|
| Foirm Uimh. B |
Tionscal, Trádáil nó Gnó |
| C. I. P. 79/111 |
Baint Guail |
| C. I. P. 79/134 |
Taiscealaíocht agus Astarraingt Pheitriliam agus Gáis Aiceanta |
| C. I. P. 79/140 |
Mínghlanadh Ola Mianraí agus próiseáil torthaí Pheitriliam |
| C. I. P. 79/161 |
Giniúint agus Dáileadh Cumhacht Leictreachais |
| C. I. P. 79/162 |
Oibreacha Gáis, Dáileadh Gáis |
| C. I. P. 79/170 |
Soláthar Uisce; Uisce a Bhailiú, a Íonú agus a Dháileadh |
| C. I. P. 79/212 |
Baint agus ullmhú Mianta Miotail Neamhfheiriúla |
| C. I. P. 79/221 |
Tionscal Iarainn agus Cruach |
| C. I. P. 79/223 |
Tarraingt, Fuar-rollú agus Fuarfhilleadh Cruach |
| C. I. P. 79/224 |
Táirgeadh agus Céadphróisiú Miotal Neamhfheiriúil |
| C. I. P. 79/231 |
Baint Ábhar Foirgníochta agus Créanna Teasfhulangacha |
| C. I. P. 79/239 |
Baint Mhianraí eile; Móin |
| C. I. P. 79/241 |
Monarú Cré-earraí le haghaidh Foirgníochta |
| C. I. P. 79/242 |
Monarú Stroighne, Aoil agus Plástair |
| C. I. P. 79/243 |
Monarú Earraí Coincréite, Stroighne nó Plástair le haghaidh Foirgníochta
|
| C. I. P. 79/244 |
Monarú Earraí Aispeist |
| C. I. P. 79/245 |
Obair Chloiche agus Obair ar Tháirgí Mianracha Neamh-mhiotalacha eile
|
| C. I. P. 79/246 |
Táirgeadh Liaga Brón agus Táirgí Scríobacha eile |
| C. I. P. 79/247 |
Monarú Gloine agus Earraí Gloine |
| C. I. P. 79/248 |
Monarú Earraí Criadóireachta |
| C. I. P. 79/251A |
Monarú Ceimicigh Thionscail Bhunata (gan Leasacháin a áireamh) |
| C. I. P. 79/251B |
Leasacháin |
| C. I. P. 79/255 |
Monarú Péinteanna, Vearnaiseacha, Dúch Clóite etc. |
| C. I. P. 79/256 |
Táirgí Ceimiceacha, chun críocha Tionscail agus Talmhaíochta go formhór (gan Leasacháin a áireamh)
|
| C. I. P. 79/257 |
Monarú Táirgí Cógaisíochta |
| C. I. P. 79/258 |
Gallúnach, Glantóirí Tacair, Cumhráin agus Ullmhóidí Maisiúcháin |
| C. I. P. 79/259 |
Táirgí Ceimiceacha eile le haghaidh úsáide Tís agus Oifige go formhór |
| C. I. P. 79/260 |
Tionscal Snáithreach Sintéiseach |
| C. I. P. 79/311 |
Teilgcheártain |
| C. I. P. 79/312 |
Gaibhníocht, Brú agus Stampáil Mhiotal |
| C. I. P. 79/313 |
Claochló Tánaisteach. Cóireáil agus Cótáil Mhiotal |
| C. I. P. 79/314 |
Monarú Táirgí Miotail Déanmhais (lena n-áirítear Cóimeáil Chomhghafa agus Feistiú)
|
| C. I. P. 79/315 |
Déantóireacht Choirí, Monarú Taiscumar, Tainceanna agus Coimeádán Leatháin Mhiotail eile
|
|
C. I. P. 79/316
C. I. P. 79/319
|
 |
Monarú Airnéise agus Earraí Miotail Críochnaithe
agus Táirgí eile Ceardlainne Miotail
|
| C. I. P. 79/321 |
Monarú Innealra Talmhaíochta agus Tarracóirí |
| C. I. P. 79/322) |
Monarú agus Cóimeáil |
| C. I. P. 79/323) |
(A) Meaisín-Airnéise le Miotail a Oibriú agus Meaisín-Airnéise eile
|
|
(B) Innealra agus Gabhálais Teicstíleacha
|
| C. I. P. 79/324 |
Monarú Innealra le haghaidh Tionscal Bia, Tionscal Ceimiceach agus Tionscal Gaolmhar
|
| C. I. P. 79/325 |
Gléasra agus Innealra do Mhianaigh, do Theilgcheartain, d'Oibreacha Cruach, d'Inneal-tóireacht Shibhialta (lena n-áirítear crainn thógála) etc.
|
|
C. I. P. 79/326
C. I. P. 79/327
C. I. P. 79/328
|
 |
Innealta Ilghnéitheach agus Trealamh Ilghnéitheach |
| C. I. P. 79/330 |
Monarú Innealra Oifige agus Innealra Próiseála Sonraí |
| C. I. P. 79/341 |
Sreanga agus Cáblaí Inslithe |
| C. I. P. 79/342 |
Monarú Innealra Leictreachais (lena n-áirítear mótair leictreachais, gineadóirí, claochladáin, etc.)
|
| C. I. P. 79/343 |
Monarú Gaireas agus Fearas Leictreachais le haghaidh Úsáide Tionscail (lena n-áirítear batairí agus taisc-chealla)
|
| C. I. P. 79/344 |
Monarú Trealamh Teileachumarsáide, Trealamh Tomhais, Trealamh Taifeadta agus Trealamh Leictriliachta
|
| C. I. P. 79/345 |
Monarú gach cineál Trealamh Raidió, Teilifíse agus atáirgeadh agus taifeadadh fuaime
|
| C. I. P. 79/346 |
Monarú Fearas Leictreachais Tís |
|
C. I. P. 79/347
C. I. P. 79/348
|
 |
Monarú (A) Lampaí Leictreachais agus Trealamh
amh Soilsiúcháin Leictreachais
|
|
(B) Trealamh Leictreachais a Fheistiú
|
| C. I. P. 79/351 |
Monarú agus Cóimeáil Mótarfheithiclí |
|
Monarú: (A) Cabhlacha d'Fheithiclí, Leantóirí,
Carabháin, etc.
|
|
(B) Páirteanna agus Gabhálais do Mhótarfheithiclí
|
| C. I. P. 79/361 |
Déanamh Long |
| C. I. P. 79/362 |
Monarú Rothdhíle Iarnróid |
| C. I. P. 79/363 |
Monarú Rothar, Gluaisrothair, Páirteanna agus Gabhálas |
|
C. I. P. 79/364
C. I. P. 79/365
|
 |
Trealamh Aeraspáis agus Trealamh Iompair eile a
Mhonarú agus a Dheisiú
|
| C. I. P. 79/371 |
Gléasanna agus Gaireas Tomhais Seiceála agus Cruinnis |
| C. I. P. 79/372 |
Monarú Trealamh Liachta, Máinliachta, etc. |
|
Monarú: (A) Trealamh Optúil agus Trealamh
|
|
C. I. P. 79/373
C. I. P. 79/374
|
 |
Fótagrafaíochta
(B) Uaireadóirí agus Cloig agus Codanna díobh
|
| C. I. P. 79/411 |
Margairín agus Olaí agus Méithris ullmhaithe eile |
| C. I. P. 79/412 |
Marú Cóiriú agus Leasú Feola |
| C. I. P. 79/413 |
Monarú, Táirgí Déiríochta |
| C. I. P. 79/414 |
Próisiú agus Leasú Torthaí agus Glasraí |
| C. I. P. 79/415 |
Próisiú agus Leasú Éisc |
| C. I. P. 79/416 |
Muilleoireacht Ghráin |
|
C. I. P. 79/417
C. I. P. 79/418
|
 |
Monarú (A) Spaigití, Macarón, etc.
(B) Stáirse agus Táirgí Stáirse
|
| C. I. P. 79/419 |
Arán agus Milseogra Plúir (lena n-áirítear brioscaí) |
| C. I. P. 79/420 |
Monarú agus mínghlanadh Siúcra |
| C. I. P. 79/421 |
Monarú Milseogra Cócó, Seacláide agus Siúcra |
| C. I. P. 79/422 |
Beatha Ainmhithe agus Beatha Éanlaithe Clóis |
| C. I. P. 79/423 |
Monarú Táirgí Beatha Eile |
| C. I. P. 79/424 |
Driogadh agus Comhshuíomh Biotáille |
|
C. I. P. 79/425
C. I. P. 79/426
C. I. P. 79/428
|
 |
Monarú Fíona, Ceirtlíse agus Deochanna Glasa |
| C. I. P. 79/427A |
Grúdaireacht |
| C. I. P. 79/427B |
Brachadh |
| C. I. P. 79/429 |
Monarú Táirgí Tobac |
| C. I. P. 79/431 |
Tionscal Olla |
| C. I. P. 79/432 |
Tionscal Cadáis |
| C. I. P. 79/433 |
Snáithíní agus Uigí Sintéiseacha, Síoda agus Síodúla |
| C. I. P. 79/434 |
Cóiriú, Sníomh agus Fíochán Lín, Cnáibe agus Ramie |
| C. I. P. 79/435 |
Tionscal Iúit |
| C. I. P. 79/436 |
Tionscal Cniotála |
| C. I. P. 79/437 |
Críochnú Teicstíleacha |
| C. I. P. 79/438 |
Brait Urláir, Líonóil agus Clúdaigh Eile Urláir |
| C. I. P. 79/439 |
Iltionscail Teicstíleacha |
| C. I. P. 79/441 |
Súdaireacht agus Cóiriú Leathair |
| C. I. P. 79/442 |
Monarú Táirgí as Leathar agus Táirgí as Bréigleathair |
| C. I. P. 79/451 |
Monarú Coisbhirt |
| C. I. P. 79/453A |
Éadaí — Cultacha Fear agus Cultacha Buachaillí, Cótaí Móra, Hataí, Caipíní, etc. |
| C. I. P. 79/453B |
Éadaí — Déanamh Léinteacha |
| C. I. P. 79/453C |
Éadaí — Éadaí Ban agus Éadaí Cailíní (seachas Góiséireacht) |
| C. I. P. 79/453D |
Éadaí — Baill Éadaigh Ilghnéitheacha agus Gabhálais |
| C. I. P. 79/455 |
Teicstíleacha Tís agus Earraí Teicstíleacha Comhdhéanta eile |
| C. I. P. 79/456 |
Fionnaidh agus Earraí Fionnaidh |
| C. I. P. 79/461 |
Sáibhéaracht agus Próisiú Adhmaid |
| C. I. P. 79/462 |
Monarú Táirgí Páirtchríochnaithe Adhmaid |
| C. I. P. 79/463 |
Monarú Comhpháirteanna Adhmadóireachta agus Siúinéireachta |
| C. I. P. 79/464 |
Coimeádáin Adhmaid |
| C. I. P. 79/465 |
Earraí Monaraithe Adhmaid Eile |
| C. I. P. 79/466 |
Earraí Coirc, Tuí, etc. Scuaba agus Scuaba Urláir |
| C. I. P. 79/467 |
Monarú Troscáin Adhmaid |
| C. I. P. 79/471 |
Monarú Laín, Páipéir agus Cláir |
| C. I. P. 79/472 |
Próisiú Páipéir agus Cláir |
|
C. I. P. 79/473
C. I. P. 79/474
C. I. P. 79/481
|
 |
Clódóireacht, Foilsitheoireacht agus Comhthrádálacha |
| C. I. P. 79/482 |
Táirgí Rubair |
| C. I. P. 79/483 |
Próisiú Pleaisticí |
| C. I. P. 79/491 |
Seodra, Earraí Gabha Óir agus Gabha Ghil |
| C. I. P. 79/492 |
Gléasanna Ceoil |
| C. I. P. 79/493 |
Saotharlanna Fótografaíochta agus Cineamatagrafaíochta |
| C. I. P. 79/494 |
Bréagáin agus Earraí Spóirt |
| C. I. P. 79/495 |
Tionscail Mhonaraíochta Ilghnéitheacha |
| C. I. P. 79/54 |
Údaráis Áitiúla |
| C. I. P. 79/55 |
Canálacha, Duganna agus Calafoirt |
| C. I. P. 79/56 |
Iarnróid — Déanamh, Cothabháil agus Deisiú, gan trealamh Iarnróid, Mótarbhusanna ná Mótarleoraithe a áireamh |
| C. I. P. 79/60 |
Tionscal Neachtlainne, Ruaimniúcháin agus Glantóireachta. |
|
|
|
(B) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil II den Sceideal seo a thabhairt ina leith.
|
|
|
Foirm A — Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1979.
|
|
|
(C) — Maidir le gnóthais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear i gCuid II Caibidil III den Sceideal seo a thabhairt ina leith.
|
|
|
Form Uimh. C.I.P.79/61— Tuairisceán Ginearálta.
|
|
|
ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an 2ú lá seo d'Iúil, 1980.
|
|
|
Seán Ó Mordha.
|
|
|
Aire Stáit.
|
|
|
NÓTA MÍNIÚCHÁIN.
|
|
|
(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)
|
|
|
Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail don bhliain 1979, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.
|
|
|
|