I.R. Uimh. 114/1980 -Na Rialacha i dTaobhCoistí Gairm-Oideachais (Liútais do Chomhaltaí) (Leasú), 1980.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 6 (4) den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1947 (Uimh. 1 de 1947), arna leasú le halt 5 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1962 (Uimh. 28 de 1962), déanaimse, SEÁN P. MAC UILLIAM, Aire Oideachais, leis seo na Rialacha seo a leanas:

1. Na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1980, is teideal do na Rialacha seo.

2. Measfar na Rialacha seo do theacht i ngníomh an lú lá de Mheán Fómhair, 1979.

3. Sna Rialacha seo, ciallaíonn "Rialacha 1978" na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1978 (I.R. Uimh. 23 de 1978).

4. Leasaítear leis seo na Rialacha i dtaobh Coistí Gairm-Oideachais (Liúntais do Chomhaltaí), 1963 (I.R. Uimh. 114 de 1963):

(a) trí "cúig phunt agus ochtó pingin nua" a chur in ionad "trí phunt agus cúig phingin nua is seachtó" (a cuireadh isteach le Rialacha 1978), i Riail 3 (a);

(b) trí "ocht bpunt" a chur in ionad "cúig phunt agus daichead pingin nua" (a cuireadh isteach le Rialacha 1978), i Riail 3 (b), agus

(c) trí "ocht bpunt agus fiche pingin nua" a chur in ionad "cúig phunt agus cúig phingin nua is seasca" (a cuireadh isteach le Rialacha 1978), i Riail 4,

agus leagtar amach sa Tábla a ghabhann leis na Rialacha seo, Rialacha 3 agus 4 arna leasú amhlaidh.

AN TÁBLA.

3. Is é an méid liúntais is iníoctha faoi mhír (a) d'fho-alt (4) d'alt 6 d'Acht 1947 ag coiste contae le comhalta den choiste contae nó d'fhochoiste ceadaithe den choiste contae—

(a) cúig phunt agus ochtó pingin nua i gcás tréimhse leanúnaí nach lú ná trí huaire a chloig ach is lú ná seacht n-uaire a chloig;

(b) ocht bpunt i gcás tréimhse leanúnaí nach lú ná seacht n-uaire a chloig.

4. Má bhíonn rún faoi chlásal (ii) de mhír (d ) (a cuireadh isteach le halt 5 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1962 (Uimh. 28 de 1962)) d'fho-alt 4 d'alt 6 d'Acht 1947 i bhfeidhm i leith coiste contae nó fochoiste ceadaithe den choiste contae, suim nach mó ná ocht bpunt agus fiche pingin nua a bheidh sa liúntas a íocfaidh an coiste contae le comhalta den choiste contae nó den fhochoiste ceadaithe—

(a) a rinne freastal ar chruinniú den choiste contae nó den fhochoiste ceadaithe in áit is lú ná cúig mhíle ar aon bhealach óna áit chónaithe, agus

(b) arbh éigin dó i ngeall ar an bhfreastal sin fanacht as baile ar feadh tréimhse leanúnaí nach lú ná trí huaire.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 16ú lá seo de Aibreán,

1980.

SEÁN P. MAC UILLIAM,

Aire Oideachais.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Rialaítear leis na Rialacha seo na liúntais a bheidh le híoc le comhaltaí de choistí gairmoideachais contae agus le comhaltaí d'fhochoistí ceadaithe de chuid na gcoistí contae sin i leith a bhfreastail ar chruinnithe de na coistí contae nó de na fochoistí ceadaithe sin.