I.R. Uimh. 80/1980 -An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1980.


Ar iarratas ón Aire Talmhaíochta agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Talmhaíochta (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) (Uimh. 2), 1980, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig Lorcán Ó hAillín, T.D. , Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta.

AN SCEIDEAL.

An tAcht Síolrúcháin Eallach Stuic. 1925.

Na hAchtanna um Oideachas Phríomh-Scoile (Talmhaíocht agus Eolaíocht Déiríochta). 1926 agus 1930.

Achtanna na dTréidleá. 1931 go 1960.

Na hAchtanna Talmhaíochta. 1931 go 1974.

Acht na bhFranncach Muisc. 1933.

An tAcht Síolrúcháin Chapall. 1934.

Na hAchtanna Graí Náisiúnta. 1945 agus 1976.

Na hAchtanna um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí. 1945 agus 1975.

An tAcht Beodhíle (Intseamhnú Saorga). 1947.

Acht Tionscail na gCon. 1958.

An tAcht Talmhaíochta (An Foras Talúntais). 1958.

An tAcht Margaithe Olla. 1968.

An tAcht um Thionscal na gCapall. 1970.

Acht an Údaráis Náisiúnta um Chomhairle. Oideachas agus Taighde Talmhaíochta. 1977.

An tAcht Talmhaíochta (An Chomhairle Oiliúna Talmhaíochta). 1979.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 19ú lá seo

de Mhárta, 1980.

CATHAL Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais an Aire Talmhaíochta faoi na hAchtanna atá sonraithe sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú chun Aire Stáit ag an Roinn Talmhaíochta (Lorcán Ó hAillín, T.D.).