I.R. Uimh. 44/1980 -An tOrdú Oideachais (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980.


Ar iarratas ón Aire Oideachais agus i bhfeidmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le hAlt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimhir 2), 1977, (Uimhir 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Oideachais (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1980, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Aire Oideachais maidir leo seo a leanas:—

( a ) Ard-Mhúsaem na hÉireann, lena fhoireann;

( b ) Leabharlann Náisiúnta na hÉireann, lena foireann;

( c ) Dánlann Náisiúnta na hÉireann, lena foireann;

( d ) Oideachas Speisialta agus Feabhais;

( e ) Scéim na Roinne Oideachais i ndáil le leabhair scoile in aisce;

( f ) Scéim na Roinne Oideachais i ndáil le hiompar daltaí scoile in aisce;

( g ) Oideachas do dhaoine óga lasmuigh den scoil;

( h ) Spórt; agus

( i ) Fostaíocht don aos óg;

a tharmligean, leis seo, chuig Séamus Ó Tonnaí, Aire Stáit ag an Roinn Oideachais.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais an 19ú lá seo

de Feabhra, 1980.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Foráiltear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Aire Oideachais maidir leis an Árd-Mhúsaem, An Leabharlann Náisiúnta, An Dánlann Náisiúnta, Oideachas Speisialta agus Feabhais, Scéim na Leabhar Scoile in Aisce, Scéim Iompair Daltaí Scoile in Aisce, Oideachas do Dhaoine óga lasmuigh den Scoil, Spórt agus Fostaíocht don aos óg,

a thairmligean chuig Séamus Ó Tonnaí, Aire Stáit ag an Roinn Oideachais.