I.R. Uimh. 36/1980 -An tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1980.


Ar iarratas ón Taoiseach agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2) 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaionn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Cumhachtai agus Dualgais a Tharmligean), 1980, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo cumhachtai agus dualgais an Taoisigh—

( a ) faoi alt 2 (2) den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924), a mhéid a bhaineann sé leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,

( b ) faoi na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946, agus

( c ) faoi Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958, agus faoi Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhise, 1956, a mhéid a bhaineann na hAchtanna sin leis an bPríomh-Oifig Staidrimh,

a tharmligean chuig Seán Ó Mórdha, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an

Rialtais, an 12ú lá seo d'Fheabhra, 1980.

CATHAL S. Ó hEOCHAIDH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi è.)

Tarmligtear leis an Ordú seo cumhachtaí agus dualgais reachtúla an Taoisigh faoi na hAchtanna atá sonraithe in alt 2 chuig Seán Ó Mórdha, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh.

Tá an leagan Béarla den Ionstraim Reachtúil seo, a ullmhaíodh go hoifigiúil clóite ar an leathanach thall.