I.R. Uimh. 20/1980 -Ordú Dá nGairtear. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1980.


Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 2 (1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú) (Uimh. 2), 1977 (Uimh. 28 de 1977), ordaíonn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1980, is teideal don Ordú seo.

2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais go léir de chuid an Aire Poist agus Telegrafa faoi na hAchtanna a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo a tharmligean chuig an Aire Stáit ag an Roinn Poist agus Telegrafa, Marcus Mac Giollaléith.

AN SCEIDEAL

( a ) Na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969.

( b ) Na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta. 1926 go 1972.

( c ) Telegraph Act, 1885.

( d ) Post Office (Parcels) Act, 1882.

( e ) Na hAchta um Bainc Thaisce an Phoist, 1861 go 1958.

( f ) Achtanna Rialaithe na Státseirbhíse, 1956 agus 1958.

( g ) Acht Choimisineiri na Stat-Sheirbhise, 1956.

( h ) Acht na Státseirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973.

( i ) An tAcht Airgeadais, 1942.

( j ) Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1977.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 22ú lá seo

de Eanáir 1980.

CHARLES J. HAUGHEY,

Taoiseach.