I.R. Uimh. 185/1979 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1979.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 16(1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926) agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú) 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949) agus an tOrdú Staidrimh (Cumhachtaí agus Dualgais a Tharmligean), 1979, ordaímse PÁDRAIG Ó LEATHLOBHAIR, Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, leis seo, mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil), 1979, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo

3. Baineann an tOrdú seo le gnóthais atá ag gabháil d'obair fhoirgníochta agus thógála lena n-áirítear mórbhealaí, séaracht, draenáil agus oibreacha eile den chineál céanna.

4. Baileofar sa bhlian 1979 staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo), maidir leis na gnóthais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a thaispeántar i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú, agus tá sraith díobh sin, agus iad sínithe ag an Aire Stáit ag Roinn an Taoisigh, taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine ag a mbíonn an gnóthas ar siúl, agus ar a ndéanfar leor-éileamh faoi alt 8(1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas chun críche an staidrimh, maidir le haon ghnóthas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL

CUID I

Is leis an mbliain 1978 a bhaineann ábhar na Coda seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ

(A) Do ghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartha 1.

Uimh. 1—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na Bliana.

A— Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatharthu seo a leanas:—

( a ) Costas gléasra, innealra agus trealaimh (gan feithiclí a áireamh) a cuireadh isteach.

( b ) Costas feithiclí a ceannaíodh.

( c ) Costas foirgneamh nua.

( d ) Costas foirgneamh a bhí ann.

( e ) Costas talaimh.

B— Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

( a ) Luach díolachán gléasra, innealra agus trealaimh.

( b ) Luach díolachán feithiclí.

( c ) Luach díolachán foirgneamh.

( d ) Luach díolachán talaimh.

Uimh. 2—Stoic ar Láimh agus Obair idir Lámha

Luach stoc agus obair idir lámha i dtús agus i ndeireadh na bliana, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu:—

( a ) Stoic ábhar, comhpháirteanna, breosla.

( b ) Obair idir lámha.

( c ) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an gnóthas réidh lena ndíol.

( d ) Stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

Uimh. 3—Obair agus Earraí a Rinneadh i rith na Bliana.

( a ) Luach obair a rinneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don ghnóthas) agus idirdhealú a dhéanamh idir obair fhoirgníochta agus obair thógála eile.

( b ) Luach obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

( c ) Luach d'earraí a rinneadh agus a díoladh i rith na bliana nó a cuireadh le stoc i ndeireadh na bliana.

Uimh. 4—Ioncam ó Ghníomhaíochtaí Eile.

( a ) Díolacháin d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

( b ) Gach admháil eile.

Uimh. 5—Ábhair a Úsáideadh i rith na Bliana.

Costas na n-ábhar uile a úsáideadh san obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas.

Uimh. 6—Breosla, Leictreachas, etc., a Úsáideadh i rith na Bliana.

Sonraí i dtaobh costais olaí peitriliaim, gáis, leictreachais agus breoslaí eile a úsáideadh.

Uimh. 7 Suimeanna ab Iníoctha le Fochonraitheoirí.

Luach obair a rinneadh i gcaitheamh na bliana don ghnóthas ag gnólachtaí eile ar chonarthaí a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas, ag idirdhealú idir:—

( a ) Luach obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fhochonartha saothair amháin.

( b ) Luach obair a rinne fochonraitheoirí eile.

Uimh. 8—Costais Saothair agus Daoine a bhí Fostaithe.

A— Iomlán an tuarastail agus an phá a íocadh i rith na bliana ag idirdhealú idir íocaíochtaí le:—

( a ) Foireann bhainistíochta, theicníochta, chléireachais agus foireann eile oifige (lena n-áirítear stiúrthóirí oibre).

( b ) Gach fostaí eile.

B— Costais eile saothair—méid na muirear nó na gcostas i gcaitheamh na bliana mar gheall ar ranníoc fostóra i leith ciste aoisliúntais; íocaíochtaí pinsean seachas iad sin a íocadh as an gciste; ranníocaí fostóra do cheannach Stampaí Arachais Sóisialaigh agus don Scéim Shlándála Shóisialaigh Pá—Choibhneasa; íocaíochtaí iomarcaíochta cnapshuime a rinneadh, lúide aisíocaíochtaí a fuarthas; íocaíochtaí (lúide aisíocaíochtaí) a rinneadh faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967; préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe i leith breoiteachta nó díobhála; costais eile saothair.

C— An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas ar feadh na seachtaine pá nó le linn aon chuid den tseachtain phá dar chríoch an 16 Meán Fómhair, 1978, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir:—

( a ) Dílseánaigh.

( b ) Foireann bhainistíochta agus theicníochta (lena n-áirítear stiúrthóirí oibre).

( c ) Foireann chléireachais agus foireann eile oifige.

( d ) Lucht pá a íoctar de réir ama, agus iad seo ar leithligh:—

(i) Saoistí agus maoir.

(ii) Oibrithe oilte.

(iii) Printísigh.

(iv) Oibrithe neamhoilte agus oibrithe breacoilte.

( e ) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha saothair amháin.

Uimh. 9—Sonraí i dtaobh Costais Eile a Tabhaíodh.

( a ) Costas obair dheisithe agus chothabhála, obair insealbhaithe, taighde teicniúil agus staidéar a rinneadh don ghnóthas.

( b ) Costas earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

( c ) Gléasra, innealra, scafall agus trealamh eile a fhruiliú.

( d ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( e ) Préimheanna árachais a iocadh ar ghléasra agus ar áitribh.

( f ) Muirir bhainc.

( g ) Costas seirbhísí eile a fuarthas.

Uimh. 10—Cánacha ar Láimdeachas agus Cánacha Indíreacha.

( a ) An méid Cánach Breisluacha a shonraigh an gnóthas dá chustaiméiri.

( b ) Cánacha eile tomhaltais is iníoctha ag an ngnóthas.

( c ) Méid cánacha indíreacha eile a d'íoc an gnóthas nó is iníoctha aige.

Uimh. 11—Cánacha ar Inchur.

( a ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte ag an ngnóthas ar ábhar, breosla, etc. a cheannach.

( b ) Méid Cánach Breisluacha is inasbhainte ag an ngnóthas ar shócmhainní caipitil dochta a cheannach.

(B) Do ghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartha 2.

Uimh. 1—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na Bliana.

A— Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

( a ) Costas gléasra, innealra agus trealaimh (gan feithiclí a áireamh) a cuireadh isteach.

( b ) Costas feithiclí a ceannaíodh.

( c ) Costas foirgneamh nua.

( d ) Costas foirgneamh a bhí ann.

( e ) Costas talaimh.

B— Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

( a ) Luach díolachán gléasra, innealra agus trealaimh.

( b ) Luach díolachán feithiclí.

( c ) Luach díolachán foirgneamh.

( d ) Luach díolachán talaimh.

Uimh. 2—Stoic ar Láimh agus Obair idir Lámha.

Luach stoc agus obair idir lámha i dtús agus i ndeireadh na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:—

( a ) Stoic ábhar, comhpháirteanna, breosla.

( b ) Obair idir lámha.

( c ) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an gnóthas réidh lena ndíol.

( d ) Stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

Uimh. 3—Obair agus Earraí a Rinneadh i rith na Bliana.

( a ) Luach obair a rinneadh mar phríomh-chonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don ghnóthas) agus idirdhealú a dhéanamh idir obair fhoirgníochta agus obair thógála eile.

( b ) Luach obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

( c ) Luach earraí a rinneadh agus a díoladh i rith na bliana nó a cuireadh le stoc i ndeireadh na bliana.

Uimh. 4—Ioncam ó Ghníomhaíochtaí Eile.

( a ) Díolacháin earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

( b ) Gach admháil eile.

Uimh. 5—Ábhair a Úsáideadh i rith na Bliana,

Costas na n-ábhar uile a úsáideadh san obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Umih. 3 thuas.

Uimh. 6—Breosla, Leictreachas, etc., a Úsáideadh i rith na Bliana

Sonraí costas olaí peitriliaim, gáis, leictreachais agus breoslaí eile a úsáideadh.

Uimh. 7—Suimeanna ab Iníoctha le Fochonraitheoirí

Luach obair a rinneadh i gcaitheamh na bliana don ghnóthas ag gnólachtaí eile ar chonarthaí a foligeadh chucu i ndáil leis an obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 3 thuas, ag idirdhealú idir:—

( a ) Luach obair a rinne daoine a bhí ag obair de réir fhochonartha saothair amháin.

( b ) Luach obair a rinne fochonraitheoirí eile.

Uimh. 8—Costais Saothair agus Daoine a bhí Fostaithe.

A— Iomlán an tuarastail agus an phá a iocadh i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh idir íocaíochtaí le:—

( a ) Foireann bhainistíochta, theicníochta, chléireachais agus foireann eile oifige (lena n-áirítear stiúrthóirí oibre).

( b ) Gach fostaí eile.

B— Costais eile saothair—méid na muirear nó gcostas i gcaitheamh na bliana mar gheall ar ranníocaí fostóra i leith ciste aoisliúntais; íocaíochtaí pinsean seachas iad sin a íocadh as an gcíste; ranníocaí fostóra do cheannach Stampaí Arachais Sóisialaigh agus don Scéim Shlándála Shóisialaigh Pá-Choibhneasa; íocaíochtaí iomarcaíochta cnapshuime a rinneadh, lúide aisíocaíochtaí a fuarthas; íocaíochtaí (lúide aisíocaíochtaí) a rinneadh faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967; préimheanna árachais a íocadh thar ceann fostaithe i leith breoiteachta nó díobhála; costais eile saothair.

C— An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas ar feadh na seachtaine pá nó le linn aon chuid den tseachtain phá dar chríoch an 16 Meán Fómhair, 1978, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin ag idirdhealú idir:—

( a ) Dílseánaigh.

( b ) Foireann bhainistíochta agus theicníochta (lena n-áirítear stiúrthóirí oibre).

( c ) Foireann chléireachais agus foireann eile oifige

( d ) Lucht pá a íoctar de réir ama, agus iad seo ar leithligh:—

(i) Saoistí agus maoir.

(ii) Oibrithe oilte.

(iii) Printísigh.

(iv) Oibrithe neamhoilte agus oibrithe breacoilte.

( e ) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha saothair amháin.

Uimh. 9—Sonraí i dtaobh Costais Eile a Tabhaíodh.

( a ) Costas obair dheisithe agus chothabhála, obair insealbhaithe, taighde teicniúil agus staidéar a rinneadh don ghnóthas.

( b ) Costas earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan tuilleadh próiseála.

( c ) Gléasra, innealra, scafall agus trealamh eile a fhruiliú.

( d ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( e ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.

( f ) Muirir bhainc.

( g ) Costas seirbhísí eile a fuarthas.

(C) Do ghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid 11 den Sceideal seo ag uimhir thagartha 3.

Uimh. I—Obair a Rinneadh i rith na Bliana.

An méid airgid a fuarthas as obair a rinneadh mar phríomhchonraitheoir (lena n-áirítear obair a rinne fochonraitheoirí don ghnóthas) ag idirdhealú idir—

( a ) Tógáil nua, atógáil agus feabhsú teaghaisí.

( b ) Tógáil nua eile (lena n-áirítear feabhsúcháin agus atógáil).

( c ) Obair dheisithe agus chothabhála.

Uimh. 2—Obair a Rinneadh mar Fhochonraitheoir.

An méid airgid a fuarthas as obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

Uimh. 3—Ábhair agus Breosla a Úsáideadh i rith na Bliana.

Costas na n-ábhar agus an bhreosla uile a úsáideadh san obair a n-éilítear sonraí ina taobh faoi Uimh. 1 thuas.

Uimh. 4—Íocaíochtaí le Fochonraitheoirí.

Íocaíochtaí a rinneadh le fochonraitheoirí.

Uimh. 5—Pá agus Tuarastail

An méid iomlán pá agus tuarastal a íocadh i gcaitheamh na bliana ag idirdhealú idir íocaíochtaí le daoine a bhí ag obair de réir fochonartha saothair amháin agus íocaíochtaí le gach fostaí eile.

Uimh. 6—Daoine ar Fostú

An méid daoine a bhí ag obair iarbhír nó ar laethanta saoire le pá sa ghnóthas an tseachtain phá dar chríoch an 16 Meán Fómhair, 1978, nó an ghnáthsheachtain phá is gaire di sin, ag idirdhealú idir:—

( a ) Dílseánaigh.

( b ) Foireann bhainistíochta, theicníochta agus chléireachais.

( c ) Daoine a bhí ag obair de réir fochonartha saothair amháin.

( d ) Gach fostaí eile.

Uimh. 7—An Cineál Oibre a Rinneadh.

Ceanglaítear sonraí a thabhairt ar an gcineál oibre a rinneadh.

(D) Do ghnóthais a ndéantar leor-éileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid II den Sceideal seo ag uimhir thagartha 4.

Uimh. 1—Obair a Rinneadh i rith na Bliana.

( a ) An méid airgid a fuarthas as obair a rinneadh mar fhochonraitheoir.

( b ) An méid airgid a fuarthas as obair eile go léir a rinneadh.

Uimh. 2—Daoine ar Fostú.

An méid daoine a bhí ag obair sa ghnóthas an tseachtain phá dar chríoch an 16 Meán Fómhair, 1978, ag idirdhealú idir:—

( a ) Dílseánaigh.

( b ) Fostaithe.

Uimh. 3—An Cineál Oibre a Rinneadh.

Ceanglaítear sonraí a thabhairt ar an gcineál oibre a rinneadh.

CUID II

Foirmeacha atá le húsáid ag bailiú an staidrimh

Uimh. Thag.

Foirm Uimh.

Do ghnóthais a n-éilitear an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaítear sa Chuid Thíosluaite den Sceideal seo ina taobh:—

1

C.B.C. 78 d

Cuid 1 (A)

2

C.B.C. 78 c

Cuid 1 (B)

3

C.B.C. 78 b

Cuid 1 (C)

4

C.B.C. 78 a

Cuid 1 (D)

ARNA THABHAIRT faoi mo láimh an 17ú lá seo de Bealtaine 1979.

PÁDRAIGH Ó LEATHLOBHAIR,

Aire Stáit.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Fhoirgníocht agus ar Thógáil don bhliain 1978, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a cheangal tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na ngnóthas uile ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.