I.R. Uimh. 151/1979 -Ordú na gComhphobal Eorpach (Suirbhéireacht ar an Bhfórsa Saothair), 1979.
I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972) d'fhonn éifeacht a thabhairt do Rialachán (CEE) Uimhir 327 de 19 Feabhra, 1979 ón gComhairle, déanaimse, SEÁN Ó LOINSIGH, Taoiseach, a ordú leis seo mar a leanas: 1. Ordú na gComhphobal Eorpach (Suirbhéireacht ar an bhFórsa Saothair), 1979, is teideal don Ordú seo. 2. Aon duine a sháiróidh an chéad mhír d'Airteagal 8 de Rialachán (CEE) Uimh. 327 de 1979(1) ón gComhairle beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile, a chur air. | ||
(1) O.J. Uimh. L45/6 Dáta. 22/2/'79. | ||
ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 26ú lá seo de Aibreán, | ||
1979. | ||
SEÁN Ó LOINSIGH, | ||
Taoiseach. | ||
NÓTA MÍNIÚCHÁIN. | ||
Is é is cuspóir don Ionstraim seo forlíonadh a dhéanamh ar an Rialachán CEE i dtaobh eagrú a dhéanamh ar shuirbhé samplach daonchumhachta san Earrach 1979, trí phíonóis a fhorordú maidir le h-aon sárú ar fhorálacha rúndachta an Rialacháin. |