An tAcht um an Séú Leasú ar an mBunreacht (Uchtáil) 1979

Airteagal 37 den Bhunreacht do leasú.

1.—Leasaítear leis seo mar a leanas Airteagal 37 den Bhunreacht:

(a) cuirfear an t-alt atá leagtha amach i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an téacs Gaeilge,

(b) cuirfear an t-alt atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo leis an téacs Sacs-Bhéarla,

(c) déanfar Airteagal 37 den dá théacs a uimhriú mar alt 1 den Airteagal sin.