Hide Nav Show Nav
SOLR_PROP

I.R. Uimh. 391/1977 — An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), (Uimh. 2), 1977.

I.R. Uimh. 391/1977:

AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR THÁIRGEADH), (UIMH. 2), 1977.

AN tORDÚ STAIDRIMH (MÓRÁIREAMH AR THÁIRGEADH), (UIMH. 2), 1977.

De bhun na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaimse, SEÁN Ó LOINSIGH, Taoiseach, leis seo, mar a leanas:—

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh) (Uimh. 2), 1977, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach bunachas atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí tairgiochta de chinéal a sheoltar sna tionscail, sna trádálacha agus sna gnóthai a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1977, maidir leis na bunachais lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is iad na foirmeacha a úsáidfear chun an staidreamh a bhailiú na foirmeacha a thaispeántar i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo, agus tá sraith diobh sin atá séalaithe le Séala Oifigiúil an Taoisigh taiscthe i Roinn an Taoisigh.

6. Is é an duine a sheolann an bunachas, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuairisceáin agus eolas uaidh, chun criche an staidrimh, maidir le haon bhunachas lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL.

CUID I.

TIONSCAIL, TRÁDÁLACHA AGUS GNÓTHAÍ.

Fuinneamh agus Uisce:

Baint ghuail agus mhóna, astarraingt ola agus gáis nádúrtha (lena n-áirítear ullmhú láithreán) mar aon le sirtheoireacht nó taiscealaíocht i ndáil leis an gcéanna, ola mhianrúil a mhínghlanadh agus fuinneamh leictreach a ghiniúint, a tharchur agus a dháileadh, déanamh gáis in Oibreacha Gáis, soláthar agus dáileadh uisce.

Mianraí Neamhfhuinniúla:

Mianraí neamhfhuinniúla agus táirgí díobh a astarraingt agus a phróisiú agus sirtheoireacht nó taiscealaíocht i ndáil leis an gcéanna (lena n-áirítear ullmhú láithreán).

Tionscail Déantúsaíochta:

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochló go meicniúil nó go ceimiciúil ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus cóimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúsaíochta.

Foirgníocht:

Foirgníocht agus Cothabháil Oibreacha ag Iarnróid, Údaráis Áitiúla agus Údaráis Phoiblí eile, lena n-áirítear Foirgnimh, Oibreacha Séarachais agus Siltin, Canálacha, Cuanta agus Dugaí, Bóithre Poíblí agus Droichid agus Oibreacha eile den saghas sin.

Trádálacha Neachtlainne, Ruaimniúcháin agus Glantóireachta:

CUID II.

Is leis an mbliain 1976 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEÁIN AGUS SONRAÍ.

(A) Maidir le bunachais a ndéantar leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar cheann amháin nó níos mó de na foirmeacha a shonraítear i gCuid III (A) den Sceideal seo.

Uimh. 1—Sonraí an Bhunachais:

( a ) Ainm trádála.

( b ) Seoladh Príomh-Oifige.

( c ) Seoladh iomlán poist an bhunachais.

( d ) Uimhir theileafóin.

Uimh. 2—Athruithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na Bliana:

A— Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Costas gléasra, innealra, trealaimh agus feithicli a ceannaíodh.

(ii) Costas foirgneamh agus gach uile obair tógála eile.

(iii) Costas na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

B— Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitiúla Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Toradh díolachán g1éasra, innealra, trealaimh agus feithiclí,

(ii) Toradh diolachán foirgneamh.

(iii) Toradh díolachán na sócmhainní caipitiúla dochta eile go léir (lena n-áirítear talamh).

Uimh. 3—Stoic agus Obair ar Siúl:

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí criochnaithe a rinne an bunachas agus a bhi ullamh chun a ndiola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próisithe.

Uimh. 4—Táirgí a Monaraíodh agus Obair a Rinneadh i rith na Bliana:

( a ) Cainníocht agus luach gach ceann faoi leith de na priomh-tháirgí a chur síos ar leithligh. Sonraí ar na táirgí eile go léir agus luach iomlán na dtáirgí sin le chéile.

( b ) Na suimeanna a fuarthas as an obair go léir a rinne fostaithe an bhunachais, lena n-áirítear na suimeanna a fuarthas as an obair a rinneadh ar ábhair a sholáthraigh daoine eile agus na suimeanna a fuarthas as deisiúcháin a rinneadh do dhaoine eile.

Uimh. 5—Ábhair agus Comhábhair a Úsáideadh:

Cainníochtaí agus costas (sna hoibreacha) na mbunábhar agus na gcomhpháirteanna go léir a úsáideadh ag táirgeadh nó ag déanamh na dtáirgí í rith na bliana agus ag déanamh na hoibre, a n-íarrtar sonrai ina leith in Uimh. 4 thuas.

Uimh. 6—Costas Coimeádán, Deisiúchán, etc.:

Costas coimeádán agus ábhar pacála eile a dioladh leis na hearraí; costas na n-ábhar a ceannaíodh le deisiú a dhéanamh ar fhoirgnimh agus ar ghléasra ag fostaithe an bhunachais; suimeanna a iocadh as obair chonartha a rinne daoine eile ar ábhar a chuir an bunachas ar fáil i ndáil leis na táirgí a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 4 thuas; suimeanna a íocadh le gnólachtaí eile as deisiú agus cothabháil gléasra, innealra, feithiclí agus foirgneamh.

Uimh. 7—Breosla, Leictreachas, etc., a úsáideadh i rith na Bliana:

Ni foláir sonraí a thabhairt i dtaobh cainniocht agus costas (sna hoibreacha) gach ceann de na saghsanna éagsúla breosla, olaí agus leictreachais, etc., a úsáideadh agus an chainníocht leictreachais a gineadh i rith na bliana.

Uimh. 8—Fostaíocht, Tuillimh agus Uaire a oibríodh

A— Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith in aon cheann de na foirmeacha C.I.P. 76/111 go C.I.P. 76/495 atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo.

( a ) An lion daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár críoch 18 Meán Fómhair, 1976, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmi seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach at leithligh:

(i) Dilseánaigh agus daoine den líon tí ag obair sa ghnó gan pá,

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus fóireann eile ar tuarastal,

(iii) Foireann cléireachais agus fóireann eile oifige,

(iv) Bunfhoireann mhaoirseachta,

(v) Oibrithe tionscail, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,

(vi) Printísigh,

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

( b ) Méid iomlán an tuarastail, an phá agus an tuillimh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaithe in Uimh. 8A (a) (ii) go (vii).

B.— Maidir le bunachais a bhfuil sé riachtanach tuairisceáin a thabhairt ina leith in aon cheann de na foirmeacha C.I.P. 76/54 go C.I.P. 76/60 mar atá sonraithe i gCuid III (A) den Sceideal seo.

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 18 Meán Fómhair, 1976, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas:

(i) Dilseánaigh agus daoine den líon tí ag obair sa ghnó gan pá.

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta, agus foireann eile ar tuarastal.

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

(iv) Oibrithe tionscail (nach tascoibrithe lasmuigh), ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

(v) Tascoibrithe lasmuigh.

( b ) Tuilleamh iomlán, agus na huaire a d'oibrigh, gach aicme de na haicmi fostaithe atá luaite in Uimh. 8B (a) (iii) agus (iv) i rith na seachtaine pá dar chríoch 18 Meán Fómhair, 1976 nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin.

( c ) Méid iomlán an tuarastail, an phá agus an tuillimh a iocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 8B (a) (ii) go (v).

( d ) An líon iomlán d'oibrithe tionscail (nach tascoibrithe lasmuigh) a bhí iarbhir ag obair nó ar saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá agus méid iomlán na n-uaire a d'oibrigh siad iarbhír i rith seachtainí sonraithe áirithe i 1976.

Uimh. 9—Costais Saothair eile

Méid iomlán na muirear nó na gcostas a d'ioc an bunachais i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar—

( a ) Ranníocaí fostóirí faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus na hAchtanna um Íocaíochtaí Iomarcaíochta.

( b ) Íocaíochtaí lúide fáltais faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967.

( c ) Glan-Íocaíochtaí Iomarcaíochta cnapshuime.

( d ) Ranníocaí fostóirí le ciste aoisliúntas agus aon íocaíochtaí eile i leith sochair scoir nó pinsin (neamhchistithe).

( e ) Costas sochair comhchineáil.

( f ) Gach uile chostas ar nós iocaíochtaí forlíontacha i leith tinnis, tionóiscí, préimheanna árachais, fóirdheontais do bhialann foirne, saorái dí sóisialta nó spóirt, etc.

agus na muirir nó na costais i gcás gach ceann acu seo a leanas a thaispeáint ar leithligh:

( a )Íocaíochtaí iomarcaíochta cnapshuime lúide lacáistí a fuarthas.

( b ) Sochair fhorlíontacha i leith breoiteachta, tionóiscí, etc.

( c ) Costas sochair comhchineáil.

(B) Maidir le bunachais a ndearnadh leoréileamh ina leith faoi alt 8 (1) den Acht Staitistíochta, 1926, ar an bhfoirm a shonraítear i gCuid III (B) den Sceideal seo.

Uimh. 1—Tuairisc an ghnó.

Uimh. 2—Luach na n-earraí agus na hoibre a rinneadh agus na táillí as obair a rinneadh ar ábhar na gcustaiméiri féin agus as obair dheisiúcháin agus bhreacghnó a rinneadh i rith na bliana.

Uimh. 3—Costas na n-ábhar, lena n-áirítear comhábhair, breosla, ola, gás, leictreachas, coimeádáin agus ábhar pacála eile arna ndíol i dteannta na n-earraí, a n-iarrtar sonraí ina leith in Uimh. 2 thuas.

Uimh. 4—Daoine a bhí ag gabháil don ghnó

An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá sa bhunachas i rith na seachtaine pá dár chríoch 18 Meán Fómhair, 1976, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas:—

( a ) Dilseánaigh agus daoine den líon tí ag obair sa ghnó gan pá.

( b ) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal.

( c ) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

( d ) Oibrithe tionscail (nach tascoibrithe lasmuigh) ag taispeáint an líon fear, ógánach, ban agus cailíní, ar leithligh.

( e ) Tascoibrithe lasmuigh.

Uimh. 5—Méid iomlán an tuarastail, an phá agus an tuillimh a iocadh i rith na bliana leis na haicmi fostaithe atá luaite in Uimh. 4. (b) go (e).

CUID III.

(A)— Maidir le bunachais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin ags na sonraí a ordaítear i gCuid II (A) den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm

Uimh. B

Tionscal, Trádáil nó Gnó
CIP 76/111 Baint Chrua-Ghuail
CIP 76/134 Taiscealaíocht agus Astarraingt Pheitriliam agus Gáis Aiceanta.
CIP 76/140 Minghlanadh Ola Mianraí.
CIP 76/212 Baint agus ullmhú Mianta Miotail Neamhfheiriúla.
CIP 76/221 Tionscal Iarainn agus Cruach.
CIP 76/223 Tarraingt, Fuar-rollú agus Fuarfhilleadh Cruach.
CIP 76/224 Táirgeadh agus Céadphróisiú Miotal Neamhfheiriúl.
CIP 76/231 Baint Ábhar Foirgniochta agus Créanna Teasfhulangacha.
CIP 76/239 Baint Mhianraí eile; Móin.
CIP 76/241 Monarú Cré-earrai le haghaidh Foirgniochta.
CIP 76/242 Monarú Stroighne, Aoil agus Plástair.

CIP 76/243

CIP 76/244

si391y77p0007.gif Monarú Earrai Coincréite, Stroighne nó Plástair le haghaidh Foirgniochta.
CIP 76/245 Obair Chloiche agus Obair ar Tháirgí Mianracha Neamhmhiotalacha eile.
CIP 76/246 Táirgeadh Liaga Brón agus Táirgí Scriobacha eile.
CIP 76/247 Monarú Gloine agus Earrai Gloine.
CIP 76/248 Monarú Earrai Criadóireachta.
CIP 76/251 A Ceimicigh Orgánacha Bhunata agus Ceimicigh Neamhorgánacha Bhunata.
CIP 76/251 B Leasuithe.
CIP 76/255 Monarú Péinteanna, Vearnaiseacha agus Dúchanna.
CIP 76/256 Táirgí Ceimiceacha, chun criocha Tionscail agus Talmhaiochta go formhór.
CIP 76/257 Monarú Táirgí Cógaisíochta.
CIP 76/258 Gallúnach, Glantóiri Neamhghallúnacha, Cumhráin agus Ullmhóidí Maisiúcháin.
CIP 76/259 Táirgí Ceimiceacha eile le haghaidh úsáide Tis agus Oifige.
CIP 76/260 Tionscal Snáithreach Sintéiseach.
CIP 76/311 Teilgcheártain.
CIP 76/312 Gaibhníocht, Brú agus Stampáil Mhiotal.
CIP 76/313 Claochló Tánaisteach, Cóireáil agus Cótáil Mhiotal.
CIP 76/314 Monarú Táirgí Miotail Déanmhais (lena n-áirítear Cóimeáil Chomhghafa agus Feistíú).
CIP 76/315 Déantóireacht Choiri, Monarú Taiscumar, Tainceanna agus Coimeádán Leatháín Mhiotail.

CIP 76/316

CIP 76/319

si391y77p0007.gif Monarú Uirneise agus Earrai Miotail Criochnaithe agus Táirgí eile Ceardlainne Miotail.
CIP 76/321 Monarú Innealra Talmhaiochta aus Tarracóirí.

CIP 76/322

CIP 76/323

si391y77p0007.gif Monarú agus Cóimeáil Measin-Uirneise le Miotail a Oibriú agus Uirneise eile agus Innealra agus Gabhálais Teicstileacha.
CIP 76/324 Monarú Innealra le haghaidh Tionscal Bia, Tionscal Ceimiceach agus Tionscal Gaolmhar.
CIP 76/325 Gléasra agus Innealra do Theilgcheartain, d'Oibreacha Cruach agus d'Innealtóireacht Shibhialta (lena n-áirítear crainn thógála, etc.)

CIP 76/326

CIP 76/327

CIP 76/328

si391y77p0007.gif Innealra Ilghnéitheach agus Trealamh Ilghnéitheach.
Innealra lighnéitheach agus Trealamh Ilghnéitheach.
CIP 76/330 Monarú Innealra Oifige agus Innealra Próiseála Sonrai.
CIP 76/341 Sreanga agus Cáblai Inslithe.
CIP 76/342 Monarú Innealra Leictreachais.
CIP 76/343 Monarú Gaireas agus Fearas Leictreachais le haghaidh Úsáide Tionscail.
CIP 76/344 Monarú Teileachumarsáide, Trealamh Tomhais, Trealamh Taifeadta agus Trealamh Leictriliachta.
CIP 76/345 Monarú gach cineál Trealamh Raidió, Teilifise agus Eisteachta
CIP 76/346 Monarú Fearas Leictreachais Tis.

CIP 76/347

CIP 76/348

si391y77p0007.gif

Monarú (A) Lampai Leictreachais agus Trealamh Soilsiúcháin Leictreachais.

(B) Trealamh Leictreachais a Fheistiú.

CIP 76/351 Monarú agus Cóimeáil Mótarfheithicli.

CIP 76/352

CIP 76/353

si391y77p0007.gif

A Monarú seo: (A) Cabhaileanna d'Fheithicli, Leantóiri, Carabháin, etc.

(B) Páirteanna agus Gabhálais do Mhótarfheithicli.

CIP 76/361 Déanamh Long.
CIP 76/362 Monarú Rothdhile Iarnróid.
CIP 76/363 Monarú Rothar, Gluaisrothair, Páirteanna agus Gabhálas.

CIP 76/364

CIP 76/365

si391y77p0007.gif Trealamh Aeraspáis agus Trealamh Iompair eile Monaraithe agus Deisithe.
CIP 76/371 Gléasanna Tomhais agus Gaireas Eolaiochta.
CIP 76/372 Monarú Trealamh Liachta, Máinliachta, etc.

CIP 76/373

CIP 76/374

si391y77p0007.gif

A Monarú seo: (A) Trealamh Optaiciúil agus Trealamh Fótagrafaiochta.

(B) Uaireadóirí agus Cloig.

CIP 76/411 Monarú Plandolaí agus Olaí Ainmhiocha agus Méithris Ainmiocha
CIP 76/412 Marú agus Leasú Feola.
CIP 76/413 Monarú Táirgí Déiríochta.
CIP 76/414 Próisiú agus Leasú Torthai agus Glasraí.
CIP 76/415 Próisiú agus Leasú Éisc.
CIP 76/416 Muilleoireacht Ghráin.

CIP 76/417

CIP 76/418

si391y77p0007.gif

A Monarú seo: (A) Spaigiti, Macrón, etc.

(B) Stáirse agus Táirgí Stáirse.

CIP 76/419 Arán, Brioscaí agus Milseogra Plúir.
CIP 76/420 Monarú agus minghlanadh Siúcra.
CIP 76/421 Monarú Milseogra Cócó, Seacláide agus Siúcra.
CIP 76/422 Beatha Ainrnhithe agus Beatha Éanlaithe Clóis.
CIP 76/423 Monarú Táirgí Beatha Eile.
CIP 76/424 Droigadh agus Comhshuiomh Biotáille.

CIP 76/425

CIP 76/426

CIP 76/428

si391y77p0007.gif Monarú Fiona, Ceirtlise agus Deochanna Glasa.
CIP 76/428
CIP 76/427·1 Grúdaireacht.
CIP 76/427·2 Braicheadh.
CIP 76/429 Monarú Táirgí Tobac.
CIP 76/431 Tionscal Olla.
CIP 76/432 Tionscal Cadáis.
CIP 76/433 Snáithíní agus Uigi Sintéiseacha, Síoda agus Síodúla.
CIP 76/434 Sniomh agus Fiochán Lin agus Cnáibe.
CIP 76/435 Tionscal Iúit.
CIP 76/436 Tionscal Cniotála.
CIP 76/437 Criochnú Teicstileacha.
CIP 76/438 Brait Urláir, Lionóil agus Clúdaigh Eile Urláir.
CIP 76/439 Iltionscail Teicstileacha.
CIP 76/441 Súdaireacht agus Cóiriú Leathair.
CIP 76/442 Monarú Táirgí Leathair agus Táirgí Bréigleathair.
CIP 76/451 Monarú Coisbhirt.
CIP 76/453A Éadai—Cultacha Fear agus Cultacha Buachailli, Cótai Móra, Hatai, Caipini, etc.
CIP 76/453B Éadai—Déanamh Léinteacha.
CIP 76/453C Éadai—Eadai Ban agus Éadai Cailini (seachas Góiséireacht).
CIP 76/453D Éadai—Baill Éadaigh Ilghnéitheacha.
CIP 76/455 Earrai Teicstileacha Comhdhéanta eile.
CIP 76/456 Seithí Fionnaidh agus Earrai Seithí Fionnaidh.
CIP 76/461 Sáibhéaracht agus Próisiú Adhmaid.
CIP 76/462 Monarú Táirgí Páirtchriochnaithe Adhmaid.
CIP 76/463 Monarú Comhpháirteanna Siúinéireachta.
CIP 76/464 Coimeádáin Adhmaid.
CIP 76/465 Earrai Monaraithe Adhmaid Eile.
CIP 76/466 Scuaba agus Scuaba Urláir, Earrai Coirc, Tui, etc.
CIP 76/467 Monarú Troscáin Adhmaid.
CIP 76/471 Monarú Lain, Páipéir agus Cláir.
CIP 76/472 Próisiú Páipéir agus Cláir.

CIP 76/473

CIP 76/474

si391y77p0007.gif Clódóireacht, Foilsitheoireacht agus Comhthrádálacha.

CIP 76/481

CIP 76/482

si391y77p0007.gif Táirgí rubair.
CIP 76/483 Próisiú Pleaistici.
CIP 76/491 Seodra, Earrai Gabha Óir agus Gabha Ghil.
CIP 76/492 Gléasanna Ceoil.
CIP 76/493 Saotharlanna Fótografaíochta agus Cinematagrafaiochta.
CIP 76/494 Bréagáin agus Earraí Spóirt.
CIP 76/495 Tionscail Mhonaraíochta Ilghnéitheacha.
CIP 76/54 Údaráis Áitiúla.
CIP 76/55 Canálacha, Duganna agus Calafoirt.
CIP 76/56 Iarnróid—Déanamh, Cothabháil agus Deisiú, gan trealamh Iarnróid, Mótarbhusanna ná Mótarleoraithe a áireamh.
CIP 76/57 Giniúint agus Dáileadh Leictreachais.
CIP 76/58 Oibreacha Gáis, Dáileadh Gáis.
CIP 76/59 Soláthar Uisce.
CIP 76/60 Tionscal Niocháin agus Dathú Éadaigh.

(B)— Maidir le bunachais ar gá an t-eolas, na tuairisceáin agus na sonraí a ordaitear i gCuid II (B) den Sceideal seo a thabhairt ina leith.

Foirm Uimh. C.I.P. 76/61—Tuairisceán Ginearálta.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil an 22ú lá seo de Nollaig, 1977.

SEÁN Ó LOINSIGH.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Mórháireamh reachtúil a dhéanamh ar Thairgeadh Tionscail don bhlian 1976, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na mbunacas go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.