I.R. Uimh. 322/1977 -An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1977.


De bhun na gcumhachtaí a thugtar le halt 16 (1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), agus leis an Ordú um na hAchta Staidrimh, 1926 agus 1946 (Feidhmeanna Aire d'Aistriú), 1949 (I.R. Uimh. 142 de 1949), ordaímse, SEÁN Ó LOINSIGH, Taoiseach, leis seo, mar a leanas:

1. An tOrdú Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1977, is teideal don Ordú seo.

2. Baineann an tAcht Léiriúcháin, 1937 (Uimh. 38 de 1937), leis an Ordú seo.

3. Baineann an tOrdú seo le gach fiontar a bhfuil a ghníomhaíocht amháin nó a phríomh-ghníomhaíocht den sórt a bhíonn ar siúl sna tionscail, sna ceirdeanna agus sna gnóthaí a shonraítear i gCuid I den Sceideal a ghabhann leis seo agus ina raibh fiche daoine nó níos mó fostaithe sa tseachtain dár chríoch 18 Meán Fómhair, 1976.

4. Baileofar staidreamh (dá ngairtear "an staidreamh" san Ordú seo) sa bhliain 1977, maidir leis na fiontair lena mbaineann an tOrdú seo, i dtaobh na nithe ar leithligh atá leagtha amach i gCuid II den Sceideal a ghabhann leis seo.

5. Is í an fhoirm a úsáidtear chun an staidreamh a bhailiú an fhoirm atá leagtha amach i gCuid III den Sceideal a ghabhann leis seo.

6. Is é an duine ag a mbíonn an fiontar ar siúl, agus ar a ndéanfar leoréileamh faoi alt 8(1) den Acht Staitistíochta, 1926 (Uimh. 12 de 1926), a thabharfaidh tuirisceáin agus eolas uaidh, chun críche an staidrimh, maidir le haon fhiontar lena mbaineann an tOrdú seo.

AN SCEIDEAL.

CUID I.

TIONSCAIL, CEIRDEANNA AGUS GNÓTHAÍ.

Mianadóireacht agus Cairéalacht.

Gual agus Mianraí eile agus Móin a bhaint, lena n-áirítear sirtheoireacht agus ullmhú láithreán.

Tionscail Déantúisaíochta.

Substaintí, idir orgánach agus neamhorgánach, a chlaochlú go meicniúil nó go ceimiceach ina dtáirgí nua, mar aon leis an obair dheisiúcháin atá gaolmhar leis sin agus coimeáil comhpháirteanna de tháirgí déantúisaíochta.

Leictreachas, Gás agus Uisce

Giniúint, Tarchur agus Imdháil Fuinnimh Leictrigh; Déanamh Gáis in Oibreacha Gáis; Soláthair agus Imdháil Uisce.

CUID II.

Is leis an mbliain 1976 a bhaineann an méid atá sa Chuid seo (ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt).

EOLAS, TUAIRISCEAÍN AGUS SONRAÍ.

Caithfear na sonraí atá sonraithe sa Chuid seo a sholáthar i leith gach fiontair lena mbaineann an tOrdú seo.

UIMH. 1— Seoladh gach bunachais sa bhfiontar agus cuntas ar an sórt gniomhaíochta a bhíonn ar siúl ann.

UIMH. 2— Athruithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na Bliana

( a ) Méaduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

(i) Costas gléasra, innealra agus trealaimh (gan feithiclí a áireamh) a ceannaíodh agus a cuireadh i bhfearas.

(ii) Costas feithiclí a ceannaíodh.

(iii) Costas na hoibre a rinne oibrithe an ghnólachta féin ar ghléasra, innealra agus trealamh, ar fhoirgnimh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus costas oibre foirgníochta eile.

(iv) Costas na hoibre a rinne conraitheoirí ar fhoirgnimh (lena n-áirítear méaduithe agus athruithe substaintiúla) agus costas oibre foirgníochta eile.

(v) Costas foirgneamh (seachas iad sin ag (iii) agus (iv)) a ceannaíodh.

(vi) Costas na talún a furathas.

(vii) Costas sócmhainní caipitil dochta eile.

( b ) Laghduithe ar na Sócmhainní Caipitil Dochta i rith na bliana agus idirdhealú a dhéanamh eararthu seo a leanas:—

(i) Toradh diolachán gléasra, innealra agus trealaimh.

(ii) Toradh díolachán feithiclí.

(iii) Toradh díolachán foirgneamh.

(iv) Toradh díolachán talún.

(v) Toradh díolachán sócmhainní caipitil dochta eile.

UIMH. 3.— Stoic agus Obair ar Siúl.

Luach na nithe seo a leanas i dtús agus i ndeireadh na bliana; (a) stoic d'ábhair, (b) obair ar siúl, (c) stoic d'earraí críochnaithe a rinne an fiontar agus a bhí ullamh chun a ndíola, agus (d) stoic d'earraí a ceannaíodh lena n-athdhíol gan a thuilleadh próiseála.

UIMH. 4.— Sonraí Láimhdeachais, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid iomlán a sonraíodh do chustaiméirí maidir le,

(i) earraí a táirgeadh agus a díoladh,

(ii) seirbhísí tionscail a cuireadh ar fáil.

( b ) Luach earraí ceannaithe a margaíodh nó a monaraíodh.

( c ) Aon ghnéithe eile láimhdeachais.

UIMH. 5.— Sonraí Nithe a Ceannaíodh, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Costas ábhar agus breoslaí.

( b ) Costas na seirbhísí tionscail go léir a fuarthas.

( c ) Costas earraí a margaíodh nó a monaraíodh.

UIMH. 6.— Sonraí Costas Seirbhísí Neamh-Thionscail, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) Gléasra, innealra, trealamh, etc., a fhruiliú.

( b ) Cíosanna a íocadh ar áitribh.

( c ) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh.

( d ) Muirir bainc.

( e ) Gach seirbhís neamh-thionscail eile.

UIMH. 7.— Sonraí Cánach ar Láimhdeachas agus Cánacha indíreacha, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid iomlán Cánach Breisluacha a sonraíodh do chustaiméirí,

( b ) An méid d'aon chánacha eile tomhaltais a íocadh nó is iníoctha,

( c ) An méid d'aon chánacha indíreacha eile a íocadh nó is iníoctha.

UIMH. 8.— Sonraí Cánach ar Inchur, agus idirdhealú a dhéanamh eatarthu seo a leanas:

( a ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear ábhair, breosla etc.

( b ) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte nuair a cheannaítear sócmhainní caipitil dochta.

UIMH. 9.— Sonraí i dtaobh Fóirdheontais Oibríochta.

An méid a fuarthas as cistí Stáit nó ó institiúidí na ComhphobaJ Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta.

UIMH. 10.— Fostaíocht agus Tuilleamh

( a ) An líon daoine a bhí iarbhír ag obair nó ar laethanta saoire nó ar saoire bhreoiteachta ar a bpá i rith na seachtaine pá dár chríoch 18 Meán Fómhair, 1976, nó an dáta ionadaitheach is gaire dó sin, ag idirdhealú idir na haicmí seo a leanas agus ag taispeáint líon na bhfireannach agus na mbaineannach ar leithligh:—

(i) Dilseánaigh agus a líon tí ag obair sa ghnó gan pá,

(ii) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann eile ar tuarastal,

(iii) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige,

(iv) Bunfhoireann maoirseachta,

(v) Oibrithe tionscail, seachas printísigh agus tascoibrithe lasmuigh,

(vi) Printísigh,

(vii) Tascoibrithe lasmuigh.

( b ) Méid iomlán an tuarastail, an phá agus an tuillimh a íocadh i rith na bliana le gach aicme de na haicmí fostaithe atá luaite in Uimh. 10(á) (ii) go (vii).

UIMH. 11.— Costais Saothair eile

Méid na muirear nó na gcostas a d'íoc an fiontar i rith na bliana i leith na bhfostaithe uile mar gheall ar—

( a ) Ranníocaí fostóirí faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh 1952 go 1976 agus na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta, 1967 go 1973.

( b ) Íocaíochtaí iomarcaíochta.

( c ) Íocaíochtaí faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967.

( d ) Ranníocaí fostóirí i leith cistí aoisliúntas agus scéimeanna pinsean eile.

( e ) Íocaíochtaí pinsean nó sochair scoir seachas iad sin a íocadh as na cistí oisliúntas.

( f ) Costas aon sochair in earraí a cuireadh ar fáil d'fhostaithe nó na híocaíochtaí dá réir ina n-ionad.

( g ) Costais eile den sórt sóisialta.

CUID III.

An fhoirm a usáidfear chun an staidreamh a bhailiú.

Foirm A—Móráireamh ar Tháirgeadh Tionscail, 1976.

Form A—Census of Industrial Production, 1976.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 11ú lá seo de

Dheireadh Fómhair, 1977.

SEÁN Ó LOINSIGH,

Taoiseach.

NÓTA MÍNÍÚCHÁIN.

Is é is cuspóir don ionstraim seo cumhacht a thabhairt chun Móráireamh reachtúil a dhéanamh ar Tháirgeadh Tionscail don bhliain 1976, míniú a thabhairt ar scóp an Mhóráirimh agus a chur faoi deara tuairisceáin a thabhairt don Phríomh-Oifig Staidrimh i dtaobh na fiontair go léir ar eisíodh na foirmeacha ordaithe ina leith.

Seol an fhoirm seo ar ais go luath le do thoil. Is diomailt ama agus airgid nótaí meabhraithe.

............................................................ ..

Uimh. Thagartha

............................................................ ..

NACE

............................................................ ..

Faoi Rún.

Teileafón Uimh.: (01) 977702

nó (01) 977144 (Fólinte 66, 76 nó 78)

An Phríomh-Oifig Staidrimh,

Bóthair Áth Fhirdiaidh,

Ráth Maonas,

Baile Átha Cliath 6.

Mheán Fómhair, 1977.

MÓRÁIREAMH AR THÁIRGEADH TIONSCAIL, 1976

FOIRM A

Tá orm a chur in iúl duit go bhfuil ceangal ort de réir an Ordaithe Staidrimh (Móráireamh ar Tháirgeadh), 1977, a rinneadh faoi na hAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, an fhoirm seo a líonadh agus í a chur ar ais go dtí an Phríomh-Oifig Staidrimh an 31 Deireadh Fómhair, 1977, ar a dhéanaí. Aon duine a bhfuil ceangal air tuairisceán a thabhairt agus nach gcomhlíonfaidh ceanglais an Ordaithe dlífear na pionóis atá ordaithe in Alt 7 den Acht Staitistíochta, 1926, a chur air.

Coiméadfar faoi rún daingean an t-eolas a thabharfaidh tú. Faoi fhorálacha na nAchtanna Staidrimh, 1926 agus 1946, ní cead sonraí ar bith a léireodh gnó aon duine nó aon ghnóthais a fhoilsiú ná a nochtadh gan toiliú i scríbhinn ón duine sin nó ó úinéir an ghnóthais sin.

Iarrtar ort aird speisialta a thabhairt ar na Treoracha Ginearalta atá leis seo agus ar na nótaí atá ar fud na foirme seo: léigh go cúramach iad sula bhfreagróidh tú na ceisteanna. Má bhíonn sé deacair ort an fhoirm seo a líonadh scríobh go dtí an Oifig seo ag an seoladh thuasluaite. Mura féidir leat tuairisceán a thabhairt laistigh den tréimhse a shonraítear is ceart duit scéala a chur isteach láithreach ag insint an dáta a bheidh an fhoirm líonta. In aon chomhfhreagras faoin bhfoirm seo luaigh i gcónaí an uimhir thagartha a luaitear thuas. Gheobhaidh tú cóip eile den fhoirm seo le haghaidh do chuid cuntas féin má iarrann tú í.

T. P. Ó LUINNEACHÁIN,

Stiúrthóir.

NÍ MÓR AN FHOIRM SEO A LÍONADH AGUS A CHUR SA PHOST AN 31 DEIREADH FÓMHAIR, 1977 AR A DHÉANAÍ

SONRAÍ AN GHNÓTHAIS

1. Ainm Trádála ............................................................ ........................ (Teileafón Uimh ........................... )

2. Seoladh Ceann-Oifige ............................................................ ............................................................ .....

3. Inis anseo (nó ar leathán páipéir ar leithligh) gach foras a thuairiscítear sa tuairisceán seo. Inis, go hachomhair, i gColún (2) an gníomhaíocht tionscail (e.g. mianadóireacht, coirealacht, monarú, táirgeadh fuinnimh), dáileadh, foirgníocht, etc. príomh-ghníomhaíocht an fhorais.

Seoladh

An cineál gníomhaíochta a dhéantar

Le húsáid sa Phríomh-Oifig Staidrimh

(1)

(2)

(3)

............................................................ ..................................

..........................................

..........................................

............................................................ ..................................

..........................................

..........................................

............................................................ ..................................

..........................................

..........................................

............................................................ ..................................

..........................................

..........................................

............................................................ .................................

..........................................

..........................................

BLIAIN AN TUAIRISCEÁIN

Leis an mbliain féilire, 1976, is cóir do do thuairisceán baint a bheith aige, ach, muran ionann do bhliain chuntasaíochta agus an bhliain sin, féadfar do thuairisceán a líonadh i leith na bliana cuntasaíochta sin agat is gaire chomhréire don bhliain féilire. Leis an tréimhse chéanna dhá mhí dhéag is cóir a bhainfeadh na figiúirí bliantúla a thabharfaidh tú i ranna uile an tuairisceáin seo.

Baineann an tuairisceán seo leis an tréimhse ó ............................... 197 ............... go dtí ......... 197.......

(1)—ATHRUITHE AR BHUANSÓCMHAINNÍ CAIPITIÚLA AN BHLIAIN SIN

Scríobh anseo luach na méaduithe i rith na bliana ar shócmhainní ábhartha an ghnóthais. (Léigh an treoir (5).)

Earnáil na Buansócmhainne Caipitiúla

Ceannach nó méaduithe i rith na bliana

Diolachán i rith na bliana

£

£

(1) Gléasra, innealra, agus trealamh a ceannaíodh agus a feistíodh (léigh, freisin, (3) (a) thíos)

........................................

................................*

(2) Feithiclí:—

(a) Feithiclí paisinéirí

............................................

.................................

(b) Na feithiclí eile uile

...........................................

.................................

(3) Obair a rinne d'fhoireann féin:—

(a) Gléasra agus innealra a rinneadh agus a feistiodh

........................................

/images/si322y77p0007.gif

.................†

(b) Foirgnimh a rinneadh (lena n-áirítear méaduithe agus mór-athruithe)

........................................

(c) Foirgníocht eile (lena n-áirítear bóithre, forbairt mianach agus an obair uile de ghné innealtóireachta sibhialaí)

........................................

(4) Obair a rinne conraitheoirí:—

(a) Foirgnimh

........................................

(b) Foirgníocht eile

........................................

(5) Foirgneamh a ceannaíodh

........................................

(6) Talamh (gan foirgneamh air)

........................................

...............................

(7) Na buansócmhainní uile eile

........................................

...............................

An tIomlán

£

........................................

...............................

*Áirigh an gléasra, an t-innealra agus an trealamh uile a díoladh.

†Áirigh na foirgnimh uile a díoladh.

(2)—STOIC AGUS OBAIR ATÁ Á DÉANAMH

Is ceart go mbeadh gach a mbaineann leis an gnóthas ar áireamh sna luachanna a luafar anseo (Léigh an treoir (5).)

An Earnáil

Luach— £

Tús na bliana

Deireadh na bliana

(a) Stoic amhábhar, breoslaí, etc.

........................................

................................

(b) Obair atá á dhéanamh

........................................

................................

(c) Stoic d'earraí críochnaithe a rinne an gnóthas agus atá réidh le díol

........................................

................................

(d) Stoic d'earraí a ceannaíodh le hath-dhíol gan tuilleadh proiseála

........................................

................................

An tIomlán

£

........................................

................................

(3)—LÁIMHDEACHAS

Is é an glanluach díolacháin an luach is ceart a lua anseo i leith earraí a díoladh. (Léigh an treoir (5).)

Itim

Luach (gan Cáin Bhreisluacha a áireamh)

£

(a) Méideanna, a shonrasc do ghnóthas do chustaiméirí i leith díolchán earraí a tháirg do ghnóthas

......................................................

(b) Méideanna a shonrasc do ghnóthas i leith na seirbhísí uile a rinne do ghnóthas do dhaoine eile (e.g. obair a rinneadh ar coimisiún nó ar chonradh, deisiúcháin agus cothabháil, taighde, etc.)

.......................................................

(c) Luach earraí a mharsantaigh nó d'fhactóir do ghnóthas (i.e. earraí a díoladh mar a ceannaíodh iad, gan phróisiú)

.......................................................

(d) Aon mhíreanna eile láimhdeachais (e.g. méideanna a fuarthas mar chíos, táillí ceadúnais, ríchíosanna, díolacháin ceaintín, etc.

.......................................................

Láimhdeachas Iomlán

£

.......................................................

(4)—CEANNACH

Is é an costas is ceart a lua anseo glan-chostas ar ceannaíodh i rith na bliana cibé acu a úsáideadh nó nár úsáideadh, a díoladh nó nár díoladh iad i rith na bliana (Léigh an treoir (5)).

Itim

Costas (gan Cáin Bhreisluacha inasbhainte a áireamh

£

(a) Costas ábhar agus breoslaí a cheannaigh do ghnóthas (lena n-áirítear amhábhair, pacáistiú, breoslaí, ábhair le foirgnimh innealra, etc. a dheisiú agus míon-uirlisí nach n-áirítear mar chuid de shócmhainní caipitiúla)

.....................................................

(b) Costas na seirbhísí uile a sholáthraigh daoine eile do do ghnóthas (e.g. obair a rinneadh ar coimisiún nó ar chonradh, deisiúchán agus cothabháil, taighde, etc.)

.....................................................

(c) Costas earraí a marsantaíodh nó a factóiríodh (i.e. earraí a ceannaíodh le hathdhíol gan phróisiú ag do ghnóthas)

....................................................

An Ceannach Iomlán

£

.....................................................

(5)—COSTAS SEIRBHÍSÍ NEAMHTHIONSCALACHA A SHOLÁTHRAIGH DAOINE EILE DO DO GHNÓTHAS

Itim

Costas (gan Cáin Bhreisluacha a áireamh)

£

(a) Fruiliú gléasra, innealra, trealaimh, feithiclí, etc.

.....................................................

(b) Cíos áitreabh (ná háirigh cíos ar fhoirgnimh chónaí)

.....................................................

(c) Préimheanna árachais a íocadh ar ghléasra agus ar áitribh

.....................................................

(d) Muirir bhainc (gan muirir úis a áireamh)

.....................................................

(e) Costas na seirbhísí neamhthionscalacha uile eile (is den ítím seo costas fearacht costas i ndáil le iniúchóireacht, dlí, sainchomhairle, postas, fógraíocht, clódóireacht, páipéarachas, iompar, ionadaíocht, taisteal, aíocht agus costas dá shamhail)

.....................................................

Costas iomlán seirbhísí neamhthionscalacha

£

.....................................................

(6)—CANACHA INDÍREACHA

Itim

An méid

£

(A) Cánacha ar Láimhdeachas etc.

(a) An méid Cánach Breisluacha a shonrasc do ghnóthas dá chustaiméirí

.......................................................

(b) Cánacha tomhaltais eile (má b'ann) a d'ioc do ghnóthas nó is iníoctha aige (e.g. cánacha máil)

.......................................................

(c) An méid cánacha indíreacha eile a d'íoc do ghnóthas nó is iníochta aige (Áirigh cánacha feithiclí, dleachtanna stampa, rátaí, táillí ceadúnais, tobhaigh, etc. Ná háirigh dleachttanna allmhairí)

.......................................................

Iomlán na gcánacha ar láimhdeachas, etc.

.......................................................

£

(B) Cánacha ar Inchur

(a) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte ag do ghnóthas i leith ábhair, breoslaí, etc., a ceannaíodh

.......................................................

(b) An méid Cánach Breisluacha is inasbhainte ag do ghnóthas i leith buansócmhainní caipitiúla a ceannaíodh

.......................................................

Iomlán na Cánach Breisluacha is inabhainte  £

...........................................................

(7)—FÓIRDHEONTAIS OIBRÍOCHTA

Méideanna a fuair do ghnóthas as cistí Stáit nó ó fhorais de chuid na gComhphobal Eorpach mar fhóirdheontais oibríochta

.......................................................

(8)—FOSTAÍOCHT AGUS TUARASTAL AGUS PÁ A ÍOCADH

Scríobh, i gcolún (2)thíos, an uimhir daoine a bhí ag obair sa ghnóthas, go hiomlán, an tseachtain phá dar chríoch 18 Meán Fómhair, 1976 (nó an tseachtain phá is gaire di). Scríobh i gcolún (3) an méid tuillimh a íocadh i rith na bliana le gach earnáil fostaí. (Léigh treoir (5)).

Earnáil

An líon daoine a bhí fruilithe an tseachtain dar chríoch 18 Meán Fómhair, 1976

An méid iomlán tuarastail, pá agus tuillimh a íocadh i rith na Bliana

(1)

(2)

(3)

Fireannaigh

Baineannaigh

Iomlán

£

Foireann Riaracháin, Cléireachais agus Teicníochta, etc.:

(a) Dílseanaig agus daoine de teaghlach a oibríonn sa ghnó gan íocaíocht

.................

.................

.................

...................................................

(b) Foireann bainistíochta, teicníochta agus foireann tuarastail eile

.................

.................

.................

...................................................

(c) Foireann cléireachais agus foireann eile oifige

.................

.................

.................

...................................................

(d) Foireann bhunaidh maoirseachta

.................

.................

.................

...................................................

Oibrithe tionscail:

(e) Na hoibrithe tionscail uile gan printísigh ná tascoibrithe lasmuigh a áireamh .

.................

.................

.................

...................................................

(f) Printísigh

.................

.................

.................

...................................................

(g) Tascoibrithe lasmuígh

.................

.................

................

...................................................

Iomlán (a) (go (g)

.................

.................

.................

£ ................................................

(9)—COSTAIS EILE SAOTHAIR

Scríobh anseo na muirir éigeantacha agus na muirir shaorálacha uile a d'íoch an gnóthas i leith na n-itimí a luaitear (Léigh treoir (5))

Itim

An méid

£

(a) Oibleagáidí dlíthiúla:—

(i) Ranníoca fostóra faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh agus faoi na hAchtanna um Iocaíochtaí Iomarcaíochta

......................................

(ii) Íocaíochtaí cnapshuime a íocadh lúide lacáistí a fuarthas

......................................

(iii) Íocaíochtaí lúide fáltais faoin Acht Oiliúna Tionscail, 1967

......................................

(b) Oibleagáidí saorálacha nó oibleagáidí conartha:—

(iv) Ranníocaí fostóra le Cistí Aoisliúntais nó le scéimeanna pinsean eile

......................................

(v) Íocaíochtaí pinsean nó sochar scoir (má b'ann) seachas na cinn a íocadh as na Cistí

......................................

(vi) Costas sochar comhchineáil a soláthraíodh do fostaithe

......................................

(vii) Costais eile saothair thar ceann fostaithe agus a gcleithiúnaithe (áirigh préimheanna árachais thráchtála agus íocaíochtaí forlíontacha i ndáil le tinneas, míchumas, tionóiscí, etc. fóirdheontais i leith costas reatha ceaintín, saoráidí sóisialacha agus spóirt, etc.

......................................

An tIomlán                 £

......................................

DEIMHNIÚ

Dearbhaím leis seo go bhfuil an t-eolas atá sa tuairisceán seo iomlán agus cruinn de réir mar is fearr is eol dom agus mar a chreidim.

Siniú ............................................................ ..........

Dáta ................................ 197

(Tuairisc—Uinéir, Stiúrthóir, Cuntasóir, etc.)