I.R. Uimh. 274/1977 -Ordú Dá nGairtear. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean), 1977.


Ar iarratas ón Aire Poist agus Telegrafa agus i bhfeidhmiú na gcumhachtai a thugtar dóibh le halt 9(1) den Acht Airí agus Rúnaithe (Leasú), 1939 (Uimh. 36 de 1939), ordaionn an Rialtas leis seo mar a leanas:—

1. An tOrdú Poist agus Telegrafa (Feidhmeanna Aire a Tharmligean) 1977, is teideal don Ordú seo

2. Déantar leis seo na cumhachtaí agus na dualgais reachtúla de chuid an Aire Poist agus Telegrafa a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú seo tharmligean chuig TOMÁS MAC GIOLLA PHÁDRAIG, Rúnaí Parlaiminte an Aire Poist agus Telegrafa.

AN SCEIDEAL.

Cumhachtaí agus dualgais an Aire Poist agus Telegrafa faoi gach ceann de na hAchtanna seo leanas:—

(a) Na hAchtanna um Oifig an Phoist, 1908 go 1969.

(b) Na hAchtanna Raidio-Theileagrafaíochta, 1926 go 1972.

(c) Telegraph Act, 1885.

(d) Post Office (Parcels) Act, 1882.

(e) Na hAchtanna um Bainc Thaisce na Phoist, 1861 go 1958.

(f) Achtanna Rialaithe na Stát-Sheirbhíse, 1956 agus 1958.

(g) Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956.

(h) Acht na Stát-Sheirbhíse (Fostú Ban Pósta), 1973.

(i) An tAcht Airgeadais, 1942.

(j) Na hAchtanna Airí agus Rúnaithe, 1924 go 1973.

ARNA THABHAIRT faoi Shéala Oifigiúil an Rialtais, an 16ú lá seo

de Lúnasa 1977.

SEAN Ó LOINSIGH,

Taoiseach.