I.R. Uimh. 223/1976 -Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Suirbhéireachtaí Staidrimh), 1976.


I bhfeidhmiú na gcumhachtaí a thugtar dom le halt 3 d'Acht na gComhphobal Eorpach, 1972 (Uimh. 27 de 1972) agus chun éifeacht a thabhairt do Rialachán (CEE) Uimh. 328/751 ón gComhairle agus do Rialachán (CEE) Uimh. 1035/762 ón gComhairle, déanaimse, LIAM MAC COSGAIR, Taoiseach, leis seo na rialacháin seo a leanas:

11.0. Uimh. L37/1, 12/2/1975.

21.0. Uimh. L118/3, 5/5/1976.

1. Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Suirbhéireachtaí Staidrimh), 1976, is teideal do na Rialacháin seo.

2. Duine ar bith a sháraíonn Airteagal 3, an tríú mír d'Airteagal 5 nó an chéad mhír d'Airteagal 7 de Rialachán (CEE) Uimh. 328/75 ón gComhairle nó an dara mír d'Airteagal 3 nó an chéad mhír d'Airteagal 6 de Rialachán (CEE) Uimh. 1035/76 ón gComhairle beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, pionós nach mó ná £500 nó, de rogha na Cúirte, príosúnacht ar feadh téarma nach mó ná 6 mhí, nó an fhíneáil agus an phríosúnacht le chéile, a chur air.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an

29ú lá seo de Mheán Fómhair, 1976.

LIAM MAC COSGAIR,

Taoiseach.

NÓTA MÍNIÚCHÁIN.

(Ní cuid den Ionstraim an nóta seo ná ní ceart a mheas gur míniú dlíthiúil uirthi é).

Forlíonann na rialacháin seo Rialacháin de chuid CEE i dtaobh dhá shuirbhéireacht staidrimh éagsúla Comhphobail i 1976 trí phionóis a fhorordú.