An tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1975

Leasú ar alt 26 den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957.

1957, Uimh. 29.

1974, Uimh. 13.

1.—Leasaítear leis seo alt 26 (1) den Acht um Thionscail na Gaeltachta, 1957, trí “fiche is cúig mhilliún punt” a chur in ionad “deich milliún punt” (a cuireadh isteach leis an Acht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú), 1974), agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

An Tábla

26.—(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna d'fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh an Aire, pé suimeanna (nach mó san iomlán ná fiche is cúig mhilliún punt) a iarrfas an Bord ó am go ham d'airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.