An tAcht um Thionscail na Gaeltachta (Leasú) 1965

Leasú ar alt 4 den Phríomh-Acht.

3.—Déantar leis seo alt 4 den Phríomh-Acht (a bhaineann le cumhachtaí agus feidhmeanna an Bhoird) a leasú tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):

“(bi) le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála—

(A) páirt a ghlacadh le daoine eile i bhfoirmiú comhlachta chorpraithe nó i gcomhpháirtíocht nó ar dhóigh eile,

(B) comhlacht corpraithe a fhoirmiú, nó scaireanna a cheannach nó a thógáil nó a dhíol i gcomhlacht corpraithe, agus

(C) deontas a thabhairt, ar cibé téarmaí, más aon téarmaí iad, is cuí leis, do chomhlacht corpraithe ina bhfuil scaireanna aige,

chun tionscail agus scéimeanna somhaoineacha fostaíochta a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht,

(bii) deontais a thabhairt, dá rogha féin agus ar cibé téarmaí, más aon téarmaí iad, is cuí leis, chun cabhrú le daoine miontionscadail shomhaoineacha a bhunú, a fhorbairt nó a chothabháil sa Ghaeltacht, ar choinníoll nach rachaidh aon deontas den sórt sin thar dhá mhíle punt agus nach dtabharfar aon deontas den sórt sin i leith tionscadail má tugadh deontas ón bhForas Tionscal i leith an tionscadail sin,”.