I.R. Uimh. 51/1956 -An tOrdú Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 10), 1956.


DE BHRÍ go bhfuil achtaithe le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), go bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt (dá ngairmtear " an tAire " anseo feasta), aon uair a mheasfaidh is ceart, a dhearbhú le hordú gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma sonraithe ná pé focal nó focail is cuí leis agus a shonróidh san ordú :

AGUS DE BHRÍ go bhfuil achtaithe (inter alia) le fo-alt (2) den alt sin 3 go gcuirfidh an tAire, sara ndéanfar ordú den tsórt sin, dréacht de á ullmhú agus go n-iarrfaidh ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge (dá ngairmtear " an Coiste " anseo feasta) an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air :

AGUS DE BHRÍ go ndearna an tAire dréacht a chur á ullmhú agus gur iarr sé ar an gCoiste an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air, agus go ndearna an Coiste amhlaidh :

ANOIS, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dom le halt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), agus ar an tuarascáil a bhreithniú dhom, ordaímse, SÉAMAS EABHRÓID, Aire Dlí agus Cirt, leis seo mar leanas :—

1. An tOrdú Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 10), 1956, is teideal don Ordú seo.

2. Dearbhaítear leis seo gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhas leis seo (ach amháin téarma a bhfuil réiltín (*) os a chomhair agus a bhfuil feidhm dlí cheana ag a iontamhail sa Ghaeilge) ná an focal nó na focail a sonraítear os a choinne i gcolún (2) den Sceideal.

3. Tiocfaidh an tOrdú seo i ngníomh an lú Bealtaine, 1956.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an

16ú lá seo de Mhárta, 1956.

(Sínithe) SEAMUS EABHRÓID,

Aire Dlí agus Cirt.

AN SCEIDEAL.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Abandonment, notice of (i.e.,of ship of cargo)

Fógra dídhílsithe

Abatement (i.e.,of proceedings)

Dul ar ceal

Abettor

Neartaitheoir

Abode, person of no fixed

Duine gan áit chónaithe sheasta

Abrogate, I

Aisghairmim

Absolute, I make (a conditional order)

Daingním (ordú coinníollach)

Absolute order

Ordú daingean

Abuttals

Teagmháltais

Abutting on, premises

Áitreabh ag teagmháil le

Addict, drug

Andúileach i ndrugaí

Adduce evidence, I

Bheirim fianaise ar aird

Adopt, I (i.e.,a child)

Uchtaím (ab.-táil)

Adopted child

Uchtleanbh

Adopter

Uchtóir (g.-óra, f.)

Adoption

Uchtáil (g.-ála, b.)

Adulterate, I

Truaillmheascaim

Affidavit, corrective

Mionnscribhinn cheartúcháin

Affray

Gráscar

Affreightment

Last-chonradh

Aggrieved person (i.e.,injured)

Duine éagóraithe

Alimony

Ailiúnas (g.-ais, f.)

Annuity, standard purchase

Blianacht cheannaigh chaighdeánach

Apprehend, I (i.e.,a person)

Gabhaim

Authenticate, I

Fíordheimhním

Average (loss)

Caillroinnt (g.-e, b.)

average clause

foráil chaillroinnte

general average

caillroinnt ilpháirteach

particular average

caillroinnt thóranta

particular general average

caillroinnt ilpháirteach thóranta

Base fee

Feo teasctha

Beset, I

Imdhruidim

Bet, I

Cuirim geall

Bet (n.)

Geall

Betting

Gealltóireacht

Caption

Teideal

Caveat

Caveat

Cesser

Forceannadh

Charter, I

Cairtfhostaím (soitheach)

Charterer

Cairtfhostóir (soithigh) (g.-óra, f.)

Cheat, I

Déanaim falcaireacht (ar)

Cheat (n.)

Falcaire

Cheating

Falcaireacht

Clear the court, I

Eisiaim an pobal ón gcúirt

Code (i.e.,of laws)

Cód

Codification

Códaíocht (g.-a, b.)

Codify, I

Códaím

Coin, I

Buailim mona

Coin (n.)

Mona (g. id., f.)

Coinage

Monaíocht (g.-a, b.)

Common good, the

An mhaitheas phoiblí

Confiscate, I

Coigistím

Confiscation

Coigistiú

Conjugal rights, restitution of

Aiseag cearta an phósta

Connivance

Cúlcheadú

Connive at, I

Cúlcheadaím

Consistent with

I gcomhréir le

Constructive total loss

Lánchailliúint inchiallaithe

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Contraband

Contrabhanna (g. id., f.)

Contravene, I

Sáraím

Contravention

Sárú

Contumacious

Easumhal

Contumacy

Easumhlaíocht

Correspondent

Comfhreagróir (g.-óra, f.)

Corrupt practices

Cleachtais éillitheacha

Costs-drawer

Dréachtóir costas

Counter-sign, I

Comhshíním

Cross-remainder

Cros-fhuíoll

Crown reversion

Frithdhílse choróineach

Cruelty

Cruálacht

Curtilage

Cúirtealáiste (g.id., f.)

Custom, immemorial

Nós cianaosta

Dedicate, I

Toirbhirim (ab.-bhirt)

Deduce, I (title)

Rianaím (teideal)

Deface, I

Aghloitim (ab.-lot)

Defalcation

Cúbláil

Derelict (i.e.,ship)

Long thréigthe

Derivative title

Teideal díorthach

Derive title from, I

Gabhaim teideal ó

Desert, I (a child)

Tréigim (leanbh)

Deserter

Tréigtheoir

Desertion

Tréigean

Destitute

Dealamh

Destitution

Dealús

Dilapidation

Trochlú (g.-luithe, f.)

Disbar, I

Díbharraim (ab.-radh)

Dispose of, I

Diúscraim (ab.-cairt)

Disposition

Diúscairt (g.-e, b.)

Disqualify, I

Dícháilím

Dissolution (i.e.,of marriage)

Scaoileadh

Dissolve a marriage, I

Scaoilim pósadh

Dissolve partnership, I

Díscaoilim comhpháirtíocht

Distress warrant

Barántas tocsail

Divorce, I (a mensa et thoro)

Eadarscaraim

Divorce (n.) (a mensa et thoro)

Eadarscaradh

Drunk and incapable

Ar meisce agus ar neamhchumas

Embracery

Barrógaíocht (g.-a, b.)

Empanel a jury, I

Rollaím giúiré

Empower, I

Cumhachtaím

Enact, I

Achtaím

Endowment policy

Polasaí dearlaice

Escheat (n.)

Eiséatadh (g. id., f.)

Evidence, expert

Fianaise shaineolach

Expectant (on) (i.e., of estate)

Feifeach (ar)

Exterritoriality

Eistíreachas (g.-ais, f.)

Fair rent order

Ordú cóir-chíosa

Feeble-minded person

Duine lagmheabhrach

Flotsam

Snámhraic (g.-e, b.)

Foreclose, I

Foriaim (ab.-amh)

Foreclosure

Foriamh

Foreman (of jury)

Príomh-ghiúróir

Foreshore

Urthrá

Freeholder

Ruílseach (g.-sigh, f.)

Freight (i.e., charge for)

Last-tháille

Fresh pursuit

Dlúth-thóir

Fugitive offender

Ciontóir teifeach

Game (i.e., animal or bird)

Géim (g. id., f.)

Glebe land

Forba (g.id., f.)

Grantee

Deontaí (g.id., f.)

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Grantor

Deontóir (g.-óra, f.)

Grounding affidavit

Mionnscríbhinn forais

Hawker

Mangaire

Hawking

Mangaireacht

High seas, on the

Ar mórmhuir

Holograph will

Uacht féinscríofa

Hypothecate, I

Cuirim i ngeall

Idiot (n.)

Dímheabhrach (g.-aigh, f.)

harmless idiot

dímheabhrach neamhdhíobhálach

Illicit distillation

Driogadh aindleathach

Illtreat, I

Tugaim ainíde ar

Imbecile (n.)

Leathmheabhrach (g.-aigh, f.)

Imitation, colourable

Aithris dhealraitheach

Immunity

Díolúine

Impartial

Neamhchlaon

Impartiality

Neamhchlaontacht

Impeachment

Táinseamh

Importune, I

Diantsirim (ab.-readh)

Imprescriptible rights

Cearta do-chealaithe

Inconsistent with

Ar neamhréir le

Infer, I (from)

Bainim tát (as)

Inference

Tát (g. id., f.)

Inheritable

Inoidhreachta

Interested party

Páirtí leasmhar

Invitor

Tochróir (g.-óra, f.)

Item

Mír

Itemised bill of costs

Bille liostaithe costas

Jetsam

Muirchur (g.-uir, f.)

Jettison, I

Caithim thar bord

Jurisprudence

Dlí-eolaíocht

Jury box

Áiléar an ghiúiré

Jury panel

Rolla an ghiúiré

Kidnap, I

Fuadaím

Laches

Éislis

*Law

Dlí

administrative law

dlí riaracháin

canon law

dlí canónda

*common law

dlí coiteann

constitutional law

dlí bunreachtúil

international law

dlí eadarnáisiúnta

law merchant

dlí na gceannaithe

maritime law

dlí muirí

mercantile law

dlí tráchtála

municipal law

dlí intíre

natural law

dlí aiceanta

positive law

dlí daonna

Leading question

Treoir-cheist

Legatee

Leagáidí (g. id., f.)

Legislative

Reachtach

Legislature

Reachtas

Legislature, the

An tOireachtas

Legitimate, I

Dlisteanaím

Legitimation

Dlisteanaíocht (g.-a, b.)

*Licence

Ceadúnas

beer dealer's licence

ceadúnas díoltóra leanna

beer retailer's licence

ceadúnas mionreacaire leanna

early closing licence

ceadúnas mochdhúnta

hotel licence

ceadúnas óstáin

An Téarma

An focal nó na focainl is iontamhail dó

(1)

(2)

Licence—contd.

Ceadúnas—ar lean.

occasional licence

ceadúnas ócáide

off-licence

eis-cheadúnas

on-licence

ar-cheadúnas

retailer's licence

ceadúnas mionreacaire

spirit dealer's licence

ceadúnas díoltóra bhiotáille

spirit distiller's licence

ceadúnas driogaire bhiotáille

spirit grocer's licence

ceadúnas grósaera bhiotáille

wine dealer's licence

ceadúnas díoltóra fíona

wine retailer's licence

ceadúnas mionreacaire fíona

Lodging house, common

Teach iostais coiteann

Loiterer

Síománaí (g. id., f.)

Loitering

Síománaíocht (g.-a, b.)

Lottery

Crannchur (g.-uir, f.)

Maim, I

Ball-bhascaim

Maintenance order

Ordú cothabhála

Mandamus

Mandamus

Mansion house

Mainteach (g.-tí, f.)

Mental defective

Duine meabhair-éalaingeach

Mesne rates

Foghail-bhrabúis

Messuage

Measáiste (g.id., f.)

Mineral (n.)

Mianra

Minority (i.e.,of a person)

Mionaois (g.-e, b.)

Molest, I

Cuirim isteach ar

Mortmain

Mortmhán (g.-áine, b.)

Mute by visitation of God

Balbh de dheonú Dé

Mute of malice

Balbh trí mhailís

Mutiny, I

Déanaim frithcheilg

Mutiny (n.)

Frithcheilg (g.-e, b.)

Natural child

Leanbh nádúrtha

Natural father

Athair nádúrtha

Naturalisation

Eadóirseacht (g.-a, b.)

Naturalise, I

Eadóirsím (ab.-siú)

Negligence, contributory

Faillí rannpháirteach

Negligence, gross

Mórfhaillí

Nullity (of marriage), decree of

Foraithne neamhnithe (phósta)

Offence, minor

Mionchion

Original (document, etc.)

(Doiciméad, etc.) bunaidh

Over-riding clause

Clásal sáraitheach

Pass off goods as those of another, I

Tairgim earraí i leith is gur earraí duine eile iad

Picket premises, I

Picéadaim áitreabh

Picketing, peaceful

Picéadadh sítheoilte

Piracy

Píoráideacht (g.-a, b.)

Plea in abatement

Pléadáil chealuithe

Pledge (n.)

Gealltán (g.-áin, f.)

Pledge credit, I

Cuirim creidmheas i ngeall

Poacher

Póitseálaí (g. id., f.)

Poaching

Póitseáil (g.-ála, b.)

Policy, comprehensive

Polasaí uileghabhálach

Prerogative (n.)

Sainchumas (g.-ais, f.)

Pronounce, I (i.e.,judgment)

Fógraim

Public mischief

Mísc phoiblí

Punishable

Inphionóis

Purge, I (i.e.,contempt)

Déanaim leorghníomh i

Putative father

Athair toimhdean

Rebellion, armed

Ceannairc faoi airm

Redress (n.)

Sásamh

Reformatory

Scoil cheartúcháin

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Rejoinder

Athfhreagra

Remainderman

Fuíollaí (g. id., f.)

Rent, composition

Cíos iomalairte

Rent, crown

Coróin-chíos

Rent, rack

Cíos forlán

Rent sec

Seasc-chíos

Rent service

Cíos seirbhíse

Reprieve, petition for

Achainí iomalairte

Reprimand (n.)

Iomardadh (g. id., f.)

severe reprimand

dian-iomardadh

Rescue from lawful custody, I

Teasargaim as coimeád dleathach

Rolled-up plea, the

An phléadáil chonlaithe

Royalty

Ríchíos

Salvage (i.e.,payment)

Tarrthálas (g.-ais, f.)

Scienter

Scienter

Seisin

Seisín (g. id., f.)

Separation order

Ordú scarúna

Sinking fund

Ciste fiachmhúchta

*Sitting

Suí

Easter Sittings

Suíonna na Cásca

Hilary Sittings

Suíonna na Féile Brighde

Michaelmas Sittings

Suíonna na Féile Michíl

Trinity Sittings

Suíonna na Tríonóide

Stake

Geall

Strike (n.)

Stailc

Subpoena

Subpoena

Subsistence, with no visible means of

Gan a chuma air cóir mhaireachtála a bheith aige

Sue out, I

Déanaim agra i leith

Surcharge (n.)

Formhuirear

Surrejoinder

Iar-athfhreagra

Test case

Cás samplach

Threat (n.)

Bagairt

Tithe

Deachú

tithe-rent charge

cíos-mhuirear deachún

Trade dispute

Díospóid trádála

Transcript of evidence

Scríbhinn na fianaise

Treasure trove

Ciste fionnta

Umpire

Moltóir

Vacation

Saoire

the long vacation

an tsaoire fhada

vacation sitting

suí saoire

Vagrancy

Fuaidireacht

Vagrant (n.)

Fuaidire

Vehicle

Feithicíl (g.-cle, b.)

Wager, I

Geallchuirim

Wager (n.)

Geall

Waste, without impeachment of

Gan dliteanas i leith diomalta

Witness-box

Clár na mionn

Wreck (n.)

Raic

NODA GRAMADAÍ

ab.

ainm briathartha

g.

ginide

b.

baininscneach

id.

idem

f.

firinscneach

n.

ainmfhocal