I.R. Uimh. 289/1950 -An tOrdú Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 7), 1950.


DE BHRÍ go bhfuil achtaithe le fo-alt (1) d'alt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), go bhféadfaidh an tAire Dlí agus Cirt (dá ngairmtear " an tAire " anseo feasta), aon uair a mheasfaidh is ceart, a dhearbhú le hordú gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma sonraithe ná pé focal nó focail is cuí leis agus a shonróidh san ordú :

AGUS DE BHRÍ go bhfuil achtaithe (inter alia) le fo-alt (2) den alt sin 3 go gcuirfidh an tAire, sar a ndéanfar ordú den tsórt sin, dréacht de á ullmhú agus go n-iarrfaidh ar an gCoiste Comhairlitheach um Théarmaí Dlíthiúla Gaeilge (dá ngairmtear " an Coiste " anseo feasta) an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air :

AGUS DE BHRÍ go ndearna an tAire dréacht a chur á ullmhú agus gur iarr sé ar an gCoiste an dréacht a bhreithniú agus tuarascáil a thabhairt air, agus go ndearna an Coiste amhlaidh :

ANOIS, i bhfeidhmiú na gcumhacht a bheirtear dom le halt 3 den Acht Téarmaí Dlíthiúla Gaeilge, 1945 (Uimh. 18 de 1945), agus ar an tuarascáil a bhreithniú dhom, ordaímse, SEÁN MAC EOIN, Aire Dlí agus Cirt, leis seo mar leanas :—

1. An tOrdú Térmaí Dlíthiúla Gaeilge (Uimh. 7), 1950, is teideal don Ordú seo.

2. Dearbhaítear leis seo gurb é is iontamhail sa Ghaeilge d'aon téarma a luaitear i gcolún (1) den Sceideal a ghabhas leis seo (ach amháin téarma a bhfuil réiltín (*) os a chomhair agus a bhfuil feidhm dlí cheana ag a iontamhail sa Ghaeilge) ná an focal nó na focail a sonraítear os a choinne i gcolún (2) den Sceideal.

3. Tiochfaidh an tOrdú seo i ngníomh an 1ú Aibreán, 1951.

ARNA THABHAIRT faoi mo Shéala Oifigiúil, an 25ú lá seo de Shamhain, 1950.

(Sínithe) SÉAN MAC EOÍN,

Aire Dlí agus Cirt.

AN SCEIDEAL.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

*Accident

Tionóisc

inevitable accident

tionóisc dosheachainte

*Accidental

Tionóisech

*Accidentally

Go tionóisech

Act

Gníomh

act of State

gníomh Stáit

*over act

gníomh follas

tortious act

gníomh tortach

*Act of God

Foiche Dé

*Agent

Gníomhaire

Amends, tender of

Tairiscint shásaimh

*Ancient lights

Cearta solais

Apology

Apalacht (g.-a, b.)

*Arrest

Gabháil

malicious arrest

gabháil mhailíseach

*Assault, I

Ionsáim

*Assault (n.)

Ionsaí

*assault and battery

ionsaí agus slacairt

*Authority

Údarás

authority of necessity

údarás riachtanais

express authority

údarás sainráite

implied authority

údarás intuigthe

*Bailee

Earbaí

*Bailment

Earbadh

*Bailor

Earbóir

 Bed (ie., of river, etc.)

Grinneall

 Breach of the peace

Briseadh síochána

 Break and enter, I

Brisim agus iontrálaim

*Carrier

Carraera (g. id., f.)

*common carrier

carraera coiteann

*private carrier

carraera príobháideach

Champerty

Campháirtíocht

Collision

Iombualadh

Combination

Cuallaíocht

Common interest

Comhleas

*Conspiracy

Comhcheilg (g.-e, b.)

*Conversation

Comhshó (g.id., f.)

Convert, I

Comhshóim

Copyright

Cóipcheart

Converture

Lánúnachas

*Credit

Creidmheas (g.-a, f.)

Criminal conversation

Caidreamh collaí

*Custody

Coimeád

Damage

Damáiste

*special damage

damáiste speisialta

*Damages

Damáistí

consequential damages

damáistí iarmartacha

contemptuous damages

damáistídímheasa

exemplary damages

damáistíeisiompláireacha

measure of damages

tomhas na ndamáistí

*nominal damages

miondamáisti

*punitive damages

damáistí pionósacha

Danger

Contúirt

hidden danger

contúirt neamhfhollas

unusual danger

contúirt neamhghnáthach

Dangerous

Contúirteach

Deceit

Meabhlaireacht (g.-a, b.)

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Defamation

Clú-mhilleadh

Defamatory

Clú-mhillteach

Defame, I

Clú-mhillim

Defect

Locht

latent defect

locht neamhfhollas

patent defect

locht follas

Defective

Lochtach

Depasture, I

Dífhéaraím

*Dependant

Cleithiúnaí (g. id., f.)

Detain, I

Coinním

Detinue

Mí-choinneáil

Disability

Míchumas

*Distress

Tocsal (g. -ail, f.)

excessive distress

róthocsal

illegal distress

tocsal neamhdhleathach

unreasonable distress

tocsal neamhréasúnach

*Duty

Dualgas

absolute duty

dualgas iomlán

breach of duty

sárú dualgais

delegation of duty

tarmligean dualgais

public duty

dualgas poiblí

statutory duty

dualgas reachtúil

*Employee

Fostaí

*Employer

Fostóir

*Employment

Fostaíocht

common employment

comhfhostaíocht

Entice, I

Meallaim

Enticement

Mealladh

*Execution order

Ordú forghníomhuithe

Fair (n)

Aonach

Fair comment

Imchaint dhlisteanach

False imprisonment

Príosúnú neamhdhleathach

Fishery (i.e., right of)

Ceart iascaigh

common of fishery

comhcheart iascaigh

several fishery

ceart eisiach iascaigh

Franchise

Díolúine (g. id., b.)

*Fraud

Calaois

*Fraudulent

Calaoiseach

*Harbour, I

Tearmannaím

Highway

Bóthar poiblí

Impute to, I

Cuirim i leith

*Incite, I

Gríosaim

*Independant contractor

Conraitheoir neamhspleách

Induce, I

Aslaím

Inducement

Aslú

Infringe, I

Sáraím

Infringement

Sárú

*Injunction

Urghaire (g. id., b.)

*interim injunction

urghaire eatramhach

*interlocutory injunction

urghaire idirbhreitheach

*mandatory injunction

urghaire shainordaitheach

*perpetual injunction

urghaire shuthaineach

*Injure, I

Díobhálaím

Injurious

Díobhálach

*Injury

Díobháil

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Inn

Ósta

Innkeeper

Óstóir

Innuendo

Claon-tagairt

Invitee

Tochraí (g. id., f.)

Justification (i.e., of defamatory statement)

Fírinniú

*Liability

Dliteanas (g.-ais, f.)

Liable, I am

Dlitear díom

Libel, I

Leabhlaim

Libel (n.)

Leabhal (g.ail,f.)

*Licensee

Ceadúnaí

Loss

Calilliúint

pecuniary loss

cailliúint airgid

Lunatic (n.)

Gealt

Maintenance (i.e., tortious)

Claonchothú

*Malice

Mailís

*malice in fact

mailís iarbhír

*malice in law

mailís sa dlí

Malicious prosecution

Inchúiseamh mailíseach

Market

Margadh

disturbance of market

díshocraíocht mhargaidh

*market overt

margadh oscailte

Married woman

Bean phósta

*Master

Máistir

Mesne profits

Foghail-bhrabúis

Mischievous nature

Oilbhéas

Misfeasance

Mí-ghníomh

*Misrepresentation

Mífhaisnéis

*fraudulent misrepresentation

mífhaisnéis chalaoiseach

*innocent misrepresentation

mífhaisnéis neamhurchóideach

Mitigation of damages

Maolú damáistí

*Negligence

Faillí

*Negligent

Faillíoch

Non-feasance

Neamhghníomh

Nuisance

Núis (g. -e, b.)

abatement of nuisance

cealú núise

private nuisance

núis phríobháideach

public nuisance

núis phoiblí

Obstruct, I

Coiscim

Obstruction

Cosc

Patent (n.)

Paitinn (g.-e, b.)

*Prescription

Rúradh

Prescriptive

Rúrach

*Principal (i.e., a person)

Príomhaí

*Privilege

Pribhléid

absolute privilege

pribhléid iomlán

qualified privilege

pribhléid shrianta

Procure, I (e.g., breach of contract)

Bheirim chun críche

Profits

Brabúis

*Provocation

Briogadh

*Provoke, I

Briogaim

Public authority

Údarás poiblí

Public body

Comhlucht poiblí

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail is iontamhail dó

(1)

(2)

Publication

Foilsiú

Publish, I

Foilsím

Replevin

Athsheachadadh

Reputation

Clú

Return (i.e., of sheriff)

Tuairisc shirriaim

Right (n.)

Ceart

exclusive right

ceart eisiach

private right of way

ceart slí príobháideach

public right of way

ceart slí poiblí

right of light

ceart solais

right of support

ceart tacaíochta

right of turbary

móincheart

right of way

ceart slí

Riparian owner

Bruach-únaer

*Scope of the employment, within the

Faoi chuimsiú na fostaíochta

Seduce, I

Meabhlaím

Seduction

Meabhlú

*Self-defence

Féin-chosaint

*Servant

Seirbhíseach

Slander, I

Déanaim béad-chaint (ar)

Slander (n.)

Béad-chaint

Slander of goods

Clú-mhilleadh earraí

Slander of title

Clú-mhilleadh teidil

Slanderous

Béad-chainteach

Stallage

Bothaíocht

Third party

An tríú páirtí

Toll

Doladh (g.-aidh, f.)

Tort

Tort (g.-oirt, f.)

ante-nuptial torts

tortanna réamhphósta

continuing tort

tort leanúnach

post-nuptial torts

tortanna iarphósta

Tortfeasor

Tortóir

joint tortfeasor

comhthortóir

Trade union

Ceardchumann

Trademark

Trádmharc

Trap (n.)

Gaiste

Trespass, I

Foghlaim

Trespass (n.)

Foghail

trespass to goods

foghail ar earraí

trespass to lands

foghail ar thalamh

trespass to the person

foghail ar an bpearsain

Trespasser

Foghlóir

Vulgar abuse

Díbliú

*Waste (n.)

Diomailt

equitable waste

diomailt i gcothromas

permissive waste

diomailt fhaillíoch

voluntary waste

diomailt ghníomhach

Watercourse

Sruthchúrsa

artificial watercourse

sruthchúrsa saorga

natural watercourse

sruthchúrsa aiceanta

AN SCEIDEAL—ar lean.

An Téarma

An focal nó na focail iontamhail dó

(1)

(2)

*Way of necessity

Sli ruachtanais

*Wilful

Toiliúil

Wilfully

Go toiliúil

Wrong (n.)

Éagóir

Wrongful

Éagórach

Wrongfully

Go héagórach

NODA GRAMADAÍ.

b.= baininscneach

g.= ginide

f.= firinscneach

id.= idem

n.= ainmfhocal