I.R. Uimh. 269/1934 - Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generalta), 1934.


RIALACHA AGUS ORDUITHE REACHTULA. 1934. Uimh. 269. RIALACHAIN NA DTITHE (GAELTACHT) (GENERALTA), 1934.

DE BHRI go n-achtuítear le fo-alt (1) d'Alt 16 d' Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929), go bhféadfaidh an tAire Tailte (dá ngairmtear sa bhfo-alt san an tAire Tailte agus Iascaigh, an teideal a bhí an uair sin aige), le Rialacháin a déanfar fén Acht san le toiliù an Aire Airgid, gach ní no éinní de sna nithe a luaidhtear sa bhfo-alt san d'ordù:

ANOIS, deinim-se, SEOSAMH O CONGHAILE, Aire Tailte, le toiliù an Aire Airgid, agus i bhfeidhmiù na comhachta san agus i bhfeidhmiù gach comhachta agus aon chomhachta eile le n-a gcuirtear so ar mo chumas, deinim leis seo na Rialacháin seo leanas, sé sin le rá:—

1.—(1) Féadfar chun gach críche Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), 1934, do ghairm de sna Rialacháin seo.

(2) Déanfar na Rialacháin seo do léigheamh agus do léiriù mar éinní amháin le Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), 1931, agus féadfar Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), 1931 agus 1934, do ghairm de sna Rialacháin sin agus de sna Rialacháin seo le chéile.

2. Baineann an tAcht Lériùcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923), le léiriù na Rialachán so fé mar a bhaineann sé le léiriù Achta den Oireachtas.

3. Pé uair a hiarrfar deontas tógála fén Acht agus nách mó ná deich bpùint luach ionrátuithe (mar a luaidhtear san sna liostaí luachála fé sna hAchtanna Luachála) an tighe chomhnaithe agus gach tailimh agus áitreibh eile (mas ann dóibh) i seilbh an iarratasóra, beidh i dteanta an iarratais—

(a) dearbhù ar n-a dhéanamh i láthair Feadhmanaigh Shíochána agus ina dtabharfar mion-innste iomlána i dtaobh gach tailimh agus áitreibh i seilbh an iarratasóra, agus

(b) deimhnithe luachála fé sna hAchtanna Luachála ina dtaisbeánfar luach ionrátuithe gach tailimh agus áitreibh den tsórt san.

4. Deintear leis seo mír 8 de Rialacháin na dTithe (Gaeltacht) (Generálta), 1931 (Rialacha agus Orduithe Reachtùla, Uimh. 43 de 1931), do leasù tré sna focail " tri ceathrùin de mhéid " do chur isteach in ionad na bhfocal " leath mhéide " atá anois sa mhír sin.

5. Beidh na h-abhair a hùsáidfear ag déanamh oibreacha (pe'ca cur-suas, feabhsù no méadù iad) chun a ndeonfar deontaisí fé Acht na dTithe (Gaeltacht), 1929 (Uimh. 41 de 1929), beid, sa mhéid gur féidir é, de dhéantùs Shaorstáit Eireann.

Tugtha fém Shéala Oifige an 2adh lá so de D. Foghmhair, 1934.

SEOSAMH O CONGHAILE,

Aire Tailte.

Toilím leis seo chun na Rialachán san roimhe seo.

SEÁN MAC AN TSAOI,

Aire Airgid.