I.R. Uimh. 57/1932 — Ordu um an Aire Talmhaiochta (Gniomhaireacht), 1932.
|
SAORSTÁT EIREANN. |
||||
|
RIALACHA AGUS ORDUITHE REACHTULA. |
||||
|
1932. Uimh. 57. |
||||
|
ORDU UM AN AIRE TALMHAIOCHTA (GNIOMHAIREACHT), 1932. |
||||
|
DE BHRI go n-achtuítear le hAlt II den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924), go mbeidh sé dleathach d'aon Aire, de réir aon tsocruithe no aon réiligh a húdaruiodh roimh ré le hOrdú ón Ard-Chomhairle, aon cheann de dhualgaisí no de sheirbhísí puiblí aon Aire eile d'fheidhmiú no do chólíonadh mar ghníomhaire don Aire eile sin ach gan freagarthacht an Aire eile sin i riaradh na seirbhíse puiblí sin do thógaint de: |
||||
|
AGUS DE BHRI go bhfuil SÉAMUS O RIAIN, Aire Talmhaiochta, agus é á mheas nách féidir do na dualgaisí agus na seirbhísi puibli a ceapadh do mar Aire den tsórt san d'fherdhmiú ná do chólíonadh go ceann tamaill toise go mbeidh sé as láthair o Shaorstát Eireann i rith míosa Iúil, Lúnasa agus Meán Fhómhair, 1932, go bhfail sé tar éis socrú agus réiteach do dhéanamh leis an Aire Cosanta go ndéanfaidh an tAire Cosanta, faid a leanfaidh an mí-chumas roimhráite, na dualgaisí agus na seirbhísí puiblí roimhráite d'fheidhmiú agus do chólíonadh mar ghníomhaire dho-san, an tAire roimhráite, agus san gan a fhreagarthacht i riaradh na seirbhísi puiblí sin de thógaint de: |
||||
|
AGUS DE BHRI gu bhfuil sé oiriúnach go n-údaródh an Ard-Chomhairle an socrú agus an réiteach san do chur in éifeacht: |
||||
|
ANOIS, i bhfeidhmiú na comhachta atá dilsithe ionta chuige seo leis an Alt san II den Acht Airí agus Rúnaithe, 1924 (Uimh. 16 de 1924), agus i bhfeidhmiú gach comhachta agus aon chomhachta eile le n-a geuirtear so ar a gcumas, deineann Ard-Chomhairle Shaorstáit Eireann a ordú leis seo mar leanas:— 1. Udaruítear leis seo don Aire Cosanta aon cheann de dhualgaisíagus de sheirbhísí puibli an Aire Talmha, ochta d'fheidhmiú agus do chólíonadh mar ghnfomhaire don Aire Talmhaiochta, do réir an tsocruithe agus an réitigh roimhráite, faid ná beidh ar chumas an Aire sin, toisc go mbeidh sé as láthair o Shaorstát Eireann i rith míosa Iúil, Lúnasa agus Meán Fhómhair, 1932, na dualgaisí agus na seirbhísí puiblí sin d'fheidhmiú ná do chólíonadh. 2. Ní dhéanfaidh feidhmiú agus cólionadh na seirbhisí puiblí sinroimhráite ag an Aire Cosanta mar ghniomhaire den tsórt san do réir an tsocruithe agus an réitigh roimhráite a fhreagarthacht i riaradh na seirbhisi puiblí sin do thógaint den Aire Talmhaíochta. 3. Bainfidh an tAcht Léuiúcháin, 1923 (Uimh. 46 de 1923), leléiriú an Orduithe seo fé mar a bhameann sé le léiriú Achta do rith an tOreachtas an Iadh lá d'Eanar, 1924, no dá éis sin. 4. Féadfar chun gach críche an tOrdú um an Aire Talmhaíochta (Gníomhaireacht), 1932, do ghairm den Ordú so. |
||||
|

